ISOS logo
en

MS M 84

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

4 A 10

DÁNTA DIADHA

18ú haois. Páipéar. 6.4" × 4". [iv]+268+2 (.i. 124a, 125a, l.d.) lch, le lgh bhána ceangail curtha lasmuigh den ls féin. Tá roinnt lch bán inti féin (102, 176, 234; cf. thíos do phaistí bána). Tá troighin ar na lgh agus ar na himill. Tá lgh 1-10 an-chaite agus iad clúdaithe anois i bpáipéar tréshoilseach i dtreo nach féidir ach cuid dá dtéacs a léamh; beagán den téacs ar iarraidh lgh 11-22; Seán Ó Murchadha na Ráithíneach a scríobh an t-iomlán; 11-6-1738 an dáta is luaithe sa ls (64i.) agus 31-10-1747 an dáta is déanaí (261i.). As "leabhar an Athar Seán Ua Briain [sic leg.]" a scríobh Seán cuid dá bhfuil anseo; an tAthair Eoghan Ó Caoimh a scríobh an leabhar úd an Athar Seán (?) ( cf. 261i.). De réir an leabhair sin is dócha a dhein sé a raibh scríofa aige a leasú (cf. Ceartúcháin ⁊ breiseanna). Ar lch 249 tá síniú sealbhóra; tá síniú an easpaig Uí Mhurchú dhá uair sa ls (lgh iii, 80). Ceangailte go slachtmhar i leathar crón. "Poems, Calendar, etc. Irish M.S." ar a drom lasmuigh.

p.

[i] . Lch teidil. Ní féidir liom ach beagán a léamh tríd an gclúdach cosanta: ". . . Sean O Murch[adha] . . . Iosa Criost. . .".

[ ii - iii ]. ? Liosta de na haistí meadrachta sa ls. "Séadna, Rannaigheacht Mhór . . . Rannaigheacht Bheag . . . Droighneach . . . Ogláchas". Síniú "T John Murphy Bishop of Cork".

[iv] . Bán?

1 . [De Profundis] lena eirball agus lena urnaithe.

3 . [Liodán Íosa], iná dhá cholúin, agus lean. "An Ortha" (5m.).

5 i. gana. Rachad d'éisteacht aifrinn Dé. c. 10 r. ach línte agus focail ar iarraidh.

7 . ["Liodán na Maigdhine B]eannaighthe". Ina dhá cholúin. Lean. "Ora" (8m), "Deanam Úrnaighthe".

9 . ["Cruaidh-Cheasta"], nó tomhais. Críoch. duine is ferr oineach, deaghbhean druith. (11i.). Níl ach fíorbheagán den téacs ar iarraidh ó lch 11, agus is féidir a lán a léamh ar lgh 10, 9.

12 . ["Liotán na Maighdine Muire"]. Tos. [A Thia]r[na] déin t[rócaire oruinn.] Ina dhá cholúin.

13 m. gana. Caoineam, a chuirp, Dia na ndúl. 4 r.

14 . gana. Dia do bheatha, a Mhuire mór. 15 r.

15 m. gana. A naomhMhuire, a mháthair Dé. 15 r.

17 . CORÓINN ÁR mBAINTÍARNA "mar aon réna púngcaibh rannuídhe atá réna smuaineamh ré linn a ráidhte". Tar éis "Reimtosach" (1½ lch) tos. (18m.): A n-ainm an Athár . . . Bí buídheach (ó mo anam) do pháis ár tTighearna, ⁊ do chómhpháis ár mbaintíghearna a mháthair. Críoch. 40i. "Finis coronatur nobile semper opus". Faoi seo thíos tá: "A man can hardly serve two masters' will / what one man likes, ye other takes it ill".

41 . "Ortha Bheannaighthe". Tos.: A Thighearna róimhilis, a Iosa Críost, a Mhic Dé, an tAthair, a Dhé na nAingeal, a aoinMhic na Maighdine.

43 . gana. Dia do bheatha, a Mhic Mhuire. 6 r., an r. deireanach curtha isteach níos déanaí agus ceartúcháin déanta ansin chomh maith.

43 m. Ó Dala ("no Ó Tuathal" níos déanaí). A cholann chugad an bás. 47 r.

47 m. gana. Truagh do thurus, a dhuine. 15 v.

49 . Ó Dálaigh. ("Aongus na dia[dhachta]" níos déanaí). Fóir, a Mhic Muire, mo ghuais. 11r.

50 . idem. Tosach sídhe sanus Gaibriel. 12 r.

51 . idem. Guidh orm, a Eoin Baiste. 15 v.

52 i. "Ó Dála Fionn, Aongus na diadhachta iar ccaithiomh comaoine". Credim dhuit, a Dhé neimhe. 10 r.

53 i. idem. Ní léir d'aon a ainimh féin. 12 r.

55 . idem. Tús na heagna ómhan Dé. 13 r.

56 m. gana. Beag nách táinig(h) mo théarma. 43 r.

60 m. gana. Truagh mo thurus air Loch Dearg. 8 r.

61 m. gana. Mairg dhiúltas d'inghin Anna. 40 r. Le nóta: "Finit June 11th. 1738" (64i.).

65 . Donnchadh Mór Ó Dála. Lochrann soillse ag síol Adhaimh. 46 r. "Duain an Lochrainn".

69 . LEABHAR NA nAOS. Tos. Sex sunt etates mundi .i. ó Adhamh go dílinn an chéad aois. "Do chruthúghadh neimhe agus talmhan". (lch 71). Tos. In principio . . . Do chruthaigh Dia air ttúis neamh et talamh, leantar de seo (mar instear I dtreoracha) (ó 74m.) ar lch 235. Críoch. 237i.

74 m. NA hAOINTE ÓRDHA. Tos. Gibé duine throisgios na nAointe si air arán et uisge et sin do chaithiomh d'aoin phroinn. Críoch. le: A Righ ghlórmhair na hóghachta do cruthaigh trágha is muir. 13 v. Spás bán ina dhiaidh sin.

78 m. Ó Conaill. Mairg chleachtas an cómhól. 6 r.

79 . gana. Seacht soighde an ghiolla nach cóir. 9 r.

79 i. Ní tharlaidh ar neach gus aniugh. 1 r. Rígh gan tús gan deireadh Dia. 1 r.

80 . San mBeithil rugadh Rí nimhe. 1 r. Seacht n-oirchionnadh ifrinn fhuair. 4 r. Leathlch bán ina dhiaidh ach síniú trom dubh air: "† John Murphy Bishop of Cork".

81 . gana. Iomdha sgéal maith air Mhuire. 25 r.

83 . gana. Tuile gan tráig maith Mhuire. 19 r.

84 m. Gofruigh Fionn Ó Dálaigh. Mairg mheallus muirn an staoguil. 44 r.

88 m. gana. Corrach do shuan a shaoghuil. 32 r.

91 . gana. Teine arna fadógh fearg Dhé. 40 r.

94 . gana. Foilidh mo chionta, a chroch naomh. 10 r.

95 . gana. Leig dod bhaois, a bhean an sgátháin. 12 r.

96 . gana. Cionnas dhiolfad mo luach leighis. 13 r.

97 . gana. Fáilte ród, a Rí na n-aingeal. 6 r.

97 m. gana. Uaidhe féin d'fás Íosa. 19 r.

99 . gana. A chroch naomh nochd dod ghrásuibh. 14 r.

100 . gana. Gabh, a Mhuire, an lámh so ad láimh. 10 r.

101 . gana. Na nao roinn si don ríoghain. 9 r.

102 . Bán.

103 . gana. No as dul tre ghealchuanaibh do chur éigne a n-aithlíonuibh. .i. 4 b de Deacair foghnamh do thoil dá thighearna (Aithd. D. 76); 4 bcd+16 r.

106 . Donnchadh Mór Ó Dála. Garbh éirgidh íodhna brátha. 35 r.

109 m. Eoghan mac Donnchadh Mhaoil Méig Craith. Óg an seanóir an saoghal. 20 r. "Do tharcaisniughadh an saoghail mar chompánach don duine".

111 . Eochaidh Ó Heoghusa. Deacair ionnramh na hóige. 43 r. "Ag teagasg Mág Úighir".

115 . Eóghan mac Donnchadh Mhaoil Mhéig Craith. Slánaic ár ccabhra crú Dé. 42 r.

119 . Donnchadh Mór Ó Dála. Ór na mban baincheann nimhe. 13 r.

120 m. idem. Sguir dod dhíomus, a dhuine. 13 r.

122 . idem. Fuaras miann, ón fuaras miann. 6 r.

122 i. Righ gan tus gan deireadh Dia. 1 r. Ní tharlaidh ar neach gus aniugh. 1 r. Cf. 79i.

123 . Eoghan mac Donnchadh Mhaoil Méig Craith. Treabh rót, a fhir na huaille. 11 r. "Ag aithris air D. Ó D. san dán reómhuinn. . . . ".

124 . idem. Oilphiast gan cheill an cholann. 13 r.

125 . gana. Ceathrar do bhí air uaigh an fhir. 6 r.

125 a. gana. Colum Cille cuairt dar ghabh. 12r.

125 b. gana. Chúig cása deag doirbh an pháis. 17 r.

126 m. gana. Chúig cáis is mó lé Muire. 8 r.

127 m. gana. Triúr righ táinig(h) gu tig nDé. 6 r. Nóta ina dhiaidh seo: "Atá an dán so go fóirleathan a bhfiorthosach an leabhrain si" (rud nách léir anois).

128 . gana. Gar dod t-uaill claochlódh, a chuirp. 12 r.

129 . gana. Bean dá mac máthair Íosa. 10 r.

130 . gana. Athair caich cuimsi nimhe. 51 r., agus paiste fágtha bán 132m.-i., agus ar bharr 134.

135 m. gana. Nom comhet, a Chriost ciallgloin. 3 r.

135 i. gana. Mo cinaid i comlaine. 7r.

136 m. gana. "XII Ap[st]oli". Siomon, Maidian is Matha. 2 r.

136 m. "Ciarán". Sagart dho bhí feacht eile. 9 r.

137 m. gana. A ógáin, ón a ógáin. 9 r.

138 m. gana. Díogha gacha céirde an carbhus. 11 r.

139 m. gana. Gabh do chead, a cholann chriadh. 13 r.

140 m. Dómhnall mac Dáire. Geall re maoine moladh Dé. 29 r. le r. 23 ag an deireadh le nóta i dtaobh a ionaid chuí.

143 . Tadhg mac Daire Mac Bruaideadha. Déinidh go súbhach, a shíol Ádhaimh. 30 r.+ 1 v.

146 . gana. Cóir foighide re feirg nDé. 26 r.

148 . gana. Trí glúine geinealach Dé. 41 r.

151 m. gana. A fhir na heagna dh'iarraidh. 5 r.

151 i. gana. Mithid dhamh dul am dhúthaigh. 16 r.

153 . gana. Cia le bhfillfidhe fearg (an suprascr. del.) ríogh ? 48 r.

156 m. gana. Ní gnáth liaigh dá leigheas féin. 36 r.

159 m. gana. Trí hingheana rug Anna. 7 r.

160 . gana. Cáirdeas na Muire gan bhrón. 6 r.

160 i. gana. Uasal an t-ainm Eoin Bruinne. 15 r.

162 . gana. Do charas crios mo charad. 9 r.

162 i. gana. Naomhtha ceárda mic Muire. 12 r.

163 i. gana. Rogha gach beatha bheith bocht. 11 r.

164 i. gana. Creidim duit, abhlainn uasal. 16 r.

166 . Fearghal Óg Mac An Bháird. Diomhaoin gach dán acht dán Dé. 9 r.

167 . Ó Dála Fionn .i. Aongus. Na chúig rainn déag so do Dhia. 15 r.

168 m. "Ó Conuill .i. Donnchadh". Truagh mar tá mo cholann chriaidh. 5 r.

168 i. gana. Smuain do cheithre céadfa fós. 1 r. T'aire leat, a chuirp. 1 r.

169 . Aongus Ó Dála na Diadhachta (cf. 170i.). Mairg nach molann máthair Dé. 11 r.

170 . idem. Maith an baránta bean ríogh. 9 r. le nóta: "Aongus Ó Dála na diadhachta do rin an dá adhmad san".

171 . gana. Ní thug an tAthair da aingioluibh dísle. 253 v. "Trácht air theacht lao an bhreitheamhnuis, ⁊ na cómharthaoi thiocfas roimhe". Fágadh 176 bán ar dtús ansin scríobh S. Ó M. nóta air: "Is don dearamad an taobh so d'fágbháil gan sgríobh". Foranna: "Do phiantuibh Ifrinn" (lch 190); "A Chonntráil seo don anam bheannaighthe ag glacadh a chlí uime" (193m.); "Cómhrádh an Bhreithimh" (194i.); "Do Ghlóire Fhlaitheamhnais" (195m.) a chríoch. 209m. agus líon na véarsaí curtha isteach go cruinn ag an bpoinnte sin: 105+113 =218; "Abhráin Ón Ughdar" (lch 210). "Finis No. 35" .i. 35 v. ar lch 215i.

216 . Do crosadh an gamhuin a ccrann na croiche céasda. 1 v.

216 m. Dáibhí Ua Bruadair. A fhir aitheannta léxa an tréada cheangail re Críost. 2 v.

216 i. Ranna agus Véarsaí. Ná bronn nídh gó madh haránach. 1 r. A Chríost do cheannaig ar cceana le créachta an chrainn. 1 v. A Rígh neimhe, do bhí roimhe, béas is tá. 1 v. (217). A araidMhic dár ceangaladh do ghéaga a ccraoibh. 1 v. Atáid triúr ann, ataid triur. 1 r.

217 m. gana. A chroidhe na ccealg ní machtnamh dhuit déisdin ort. 4 v.

218 m. gana. An tí riaradh le beagán. 5 r.

218 i. Dánfhocail. Ós éigean d'fhear an oinigh. 1 r. Ciadh nach dáileann Rí nimhe. 1 r. Bí duine a bpéin is é beó. 1 r.

219 . Féilire na Naomh agus aguisíní. Lch do gach mí, agus líne tabhartha do gach lá. Tos. 1. Kl. Januarius. Mí deire an gheimhre am .i. oidhche thig . . . Lá Caillinn. Iontrála i Laidin agus i nGaeilge. A lán laethanta gan iontráil. Lean. learáid ag tabhairt eolais i dtaobh líon na ré i ngach bliain. Ar 231m. tá nóta: "Tuig gurab a seanmheamrum do tairrngios na cailendoir reomham et am dhiaig. 8ber 1739". An chuid eile den lch bán. Lean. clár don litir Domhnaigh le míniú (232). Ansin (233) "Don chataoirthimpir" ag críochnú le: Ní gnáth bhigil go brách. 2½ r. "Mathew Mark, Luke and John / two hath fast and two hath none".

234 . Bán.

235 - 237 . Cf. lch 74.

238 . Aongus Ó Dála. Minic do bearthar bean ghaoil. 11 r., cúig cinn díobh ar lár anseo, ach treoir á thabhairt go deireadh an leabhair, mara bhfuilid, 266m.

238 m. idem. Maith mh'anfhocal (leg. anacal) air fheirg nDé. 12 r.

239 i. idem. Éist a Ihsa ar n-ean rann dhéag. 12 r.

241 . Aongus na Diadhachta. Cf. 243m. Dá rann déag dlighim d'Iosa. 12 r.

242 . idem. Reacfad feasda dán re Día. 14 r. Nóta ina dhiaidh: "Ó Dála Fionn .i. Aongus na Diadhachta do rin an dá adhmad dhiadha dhéaghnacha sa" (243m.).

243 m. gana. Is mór do gheansa a bhfearann cille. 5 r.

244 . Ortha, "Huimin Phádraig". Tos. Clointear sonn feacht fíal Eithne.

246 . "Comharthaoi ar laethibh d'áirighthe gacha mí". Tos. "January": Ar maidin da mbí dearg. 28 r. Tá 4 l. Laidine agus 8 l. Béarla ar lch 246. Críoch. 249m.

249 m. Síniú úinéara: "Dan O Brien's book, De Winter's Lane Cork. 1799". Sin uile ar an leathlch seo.

250 . gana. Sir go luath liaig h'anma. 4 r.

250 m. gana. Bí fúm, a Mhic Dé, ar mo mhuin. 6 r.

251 . "O Dálaigh Fionn .i. Aongus". Gabh an séad so, a Mhuire mhór. 11 r.

252 . gana. Na déin díomus, a dhuine. 12 r.

253 . Ó Dálaigh Fionn. A fhir luighios ina leabaidh. 11 r.

254 . gana. Fóir mh'amhghar, a Dhé bhí. 13 r.

255 . gana. Namha mh'anma an cholann chriadh. 16 r.

256 m. gana. Fuaras trí tiodhlaice ó Dhia. 5 r.

257 . gana. Éist rem fhaoisdin, a Íosa. 22 r.

258 i. gana. Cia le ccoiseóntar mh'anam. 15 r., na 6 r. deireanacha ar lch 266 le treoir. Bhí dearmad déanta ar dtús; tar éis r. 9 lean. "Cúig cáis badh mó le Muire etc. Atá sin 'na dhán leis fein cheana".

259 m. Eogan mac Donnchadh Mhaoil Mheic Craith. Ainic mé, a Mhic ar seathar. 18 r.

261 . gana. Sguir dod shuirghe, lean dod leas. 5 r. le nóta "Atá tuille dhe so ag fol. (1)". Níl an "tuille" sin le feiscint anois.

261 i. Colafan: "Cé cian ó tosanuígheadh an leabhran so do bhí gan criochnughadh go soiche so, do chion an adhmaid chóir d'fhághail chuige go bhfuarus a leabhar an Athar Seán Ua Bhriain. Do sgríobh an tAthair Eogan Úa Caoimh é. Aniugh an 31 la do October 1747".

262 - 265 . "Clár nó Index".

266 . Cf. thuas 238, 258i.

267 - 268 . Ortha i Laidin, Gaeilge, Béarla: Tos. an Ghaeilge: Ar chloich mhearbhuir do shuig Peadair.

267 i. Ortha (i spás a fágadh bán de cheaduair). Tos. Glaodhaim ar Dhia ⁊ glaodhaim ar Mhuire.

268 m. Paidir (Ortha ?) don scríobhaí i Laidin: "Signum Dei Patris, signum Domini nostri . . . defendant me Joanem . . . Amen".