ISOS logo
en

MS M 58

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

M 58

LS PHIARAIS MHIC GEARAILT

FILÍOCHT

18ú haois. Páipéar. 7¾" × 6½". 110 lch (ríofa 1-112, ach 31-2 caillte)+4 lch de ls i dtosach, le lgh bhána ceangail i dtosach agus i ndeireadh an leabhair. Tá dhá ls le chéile anseo. Ceangailte i leathar crón: "Fitzgerald Poems etc.: Irish MS.: Vol. 58" ar a dhrom lasmuigh.

(a)

[iv]+70 lch. Tá duilleog caillte tar éis lch 30. Piaras Mac Gearailt a scríobh an ls uile, i bpeannaireacht shoiléir dhea-chumtha. Tá an dáta 8-9-1769 leis an gcolafan 70i. Cé go bhfuil ainm an té dár scríobh sé an ls scriosta ar lch 1, is léir gur ar iarratas mná de mhuintir Bhuitléir, "Craoch Builtéar" a scríobh sé í (cf. 68m.). Tá cuid de na lgh sailithe agus rian fliucháin ar lgh 1 -4. Piaras féin, ar ndóigh a scríobh a lán dá bhfágann sé gana.

[i-iv]. Ainm sealbhadóra (?) "Mr. Lee" [i]. [ii-iii] bán. "Mr. P.F.G." ar [iv]

1 . Línte toirbhirte: "The following collections are wrote in compliment to [an chéad dá líne eile scriosta] . . . obedient invariable and respectfull servant P.F.G.". Deir Ristéard Ó Foghludha, Amhráin Phiarais Mhic Gearailt lch 108, i dtaobh na línte scriosta: "only a microscopic examination reveals the name of Miss Creagh of Ahnakisha (which is near Mallow)".

1 m. Summons agus Barántas. Tos. In nomine Sanctissime Trinitatis. Leath Moghadh. The Summons. Maile re Piaras McGearailt aon d'órd ollamhanta . . . chum Uilliam Uí Mhóráin sgoloide ar Shliabh cCuadh, a cConntaodh Phortláirge. Ag so chugat a n-ainm an uird dá aithne dhuit bheith a bpearsainn dum láthair. Teideal i mBéarla roimhe: "The following Irish summons and warrant was granted by Mr. Pierce . . .". Sínithe "Piaras Mc Gearailt Árd-Shirriam Leithe Moghadh".

2 m. "The warrant Follows . . .". Tos. Do fuair me aiteamh iomshlán go bhfuil a bfhaigir nó a bhfoirthe eigin ar Shliabh cCuadh. Le síniú Phiarais (4m.).

4 m. "Baothlach . . . mheic Fheidhlim Uí Sheachnusa [.i. Piaras Mac Gearailt]. Do theangamhuicc tráth me lánlag traochda. 37+7 v. Teideal i mBéarla roimhe: "The following bitter severe satyr was wrote for John Power ..." 4 1., agus i nGaeilge: "Aislinn do rin Baothlach Mheic Críobhthuin . . . do chSeagan Dáll Uí Shúilleamháin .i. Seaghan Mheic Piaruis Phaor Bhaile Uí Chadháin a nDéiseach, bráthair baoth . . . do thréig . . . an t-órd riaghalta . . . 's gurab faide saogal an ghúna ná saoghal an Mhinisteir". Gluaiseanna i mBéarla agus i Laidin ón údar ar na himill agus idir na líne. Leanann "Sic transit . . .", agus barántas i n-agaidh an chumadóra: Tá an sgribhinneóir dá iarraig . . . ar gach n-aon ..." (Gaeilge Béarla), sínithe ag "Feargusa O Fionuala, Maolruanad . . ." (lch 13).

13 . gana. As milis teanga an Ghaoidilge. 2 r.

13 m. Felix mc Chartie. Caoinfead féin má thig liom. 23 r.+3 v. r. 21 marg. dext. Seacht líne (i mBéarla) roimhe ag cur síos ar ábhar an dáin.

13 i. Líne fáin "Uch a shaoghail chlaon, chleasicc, chealladhaig".

16 . gana. Sgéul caoidheamhuil a ccriochaibh Fáil. 8 r.+8 v. (gach re ceann) + 1 v. Teideal i mBéarla agus i nGaeilge: "Marbhchaoine nó iargnughadh ar bhas Dhonchadh Mhic Seaghain Bhuidhe Easbog Chorcaidhe is Chluana".

18 m. Ó mealadh le mnaoi Dáith RíghSalomon glic. 1 v. "It was the same gentleman that turned the following Latin phrase into Irish . . . Adam, Sampsonem, Petrum . . .".

18 m. gana. Muna bhfuil mo chreidiomh go cóir. 1 r.

18 i. Peacuídhe na sinsear / uadhbhar díomas. 16 1. le nóta "Biodh sin aguibh a bhreacShasanuicc".

19 . [Piaras Mac Gearailt]. A chogair, a carraid, 's a Bharraicg as múinte méinn. 8 + 2 v. Le réamhnóta: "The following rhymes were fixed on P.F.G. Judging he wrote them by way of apology.

20 i. "Non vox sed votum . . . (Irishd)". Ní foghar gotha suanacha béil acht croídhe. 1 v.

21 . Measuim gur baothnuisc d'éinne greann ná páirt. 3 v. + 2 r. "Adeir duine eigin ag tarcuisniugh an tsaoghail..." mar nóta roimhe, agus ina dhiaidh (21i.): "As cosmhuil duine sanntach le muicc . . ." (5 l. próis).

22 . Séfithchid bliaghuin faoi dhó. 10 r. "Aois cuid de churradhuibh na Féinnidh".

23 . Seachtmhuin ar dhá mídhe maithe. 2 r. "Saoghal Chúchulainn is Chonaill Chearnadh".

23 m. Deich Rughraoi rogha an teadhlaicc. 2 r. "Deichneamhur sé fithcid do lucht comhanmona ... do lucht freastail ag Cathal Mac Fhionndhuine Rígh Mumhan".

23 m. gana. Aoibhinn bheith a mBinn Éadair. 9 r. "Adhmholladh Binne hÉadair .i. Hill of Howth".

24 m. Muiris mac Daibhi Dubh Mac Gearailt. T'aire dhuit a ógáin fhinn. 20 r. "Ag so raint bheag(h) do chomhairle ... do Sir Seon Mac Eamoinn Chluana . . . óganach buileamhuil anamhianach". Lean, nóta: "Femina fons fellis" 2½ l. "ní chuímhnim ar an ccuid eile".

26 m. Stiúraig le cúngnamh an Dúilimh a rún gil. 4 v. "Amhrán foinn ar fhonn Buffs March or Lord Adam Gordon". Lean. "As íomdha glór díobhaoin a cceann an tí a chómm an t-ábhrán, 's go bhfoire Dia air gan chiall".

27 i. A chéibhfionn ghlan bhéultanna bhaoth. 4 v. "Pastoral . . . air an ttuairim cceadhna air fhonn The Ravishing Banks of ye Tweed". Gluais "Éire" le "chéibhfionn". Lean.: "Ó, Dhia maise nár léigi Dia dhuit S-s a' chacadh is dearbh gur fada dh'[fh]ágfaig thú ad bhainntrig bhoicht dhealbh" (28m.).

28 i. Uilliam English. As déarach an bhfeart do cheile ghil Airt. 3 v. ". . . air fhonn Princess Royal, do cummadh d'éis Sh-s do ruaga as Alabain". Lean. "Na rabhadsa am rígh air Eire, go mbiadh san mar san, go dtugaigh Dia ciall don leathéarladh dubhairt an duanóg os é Uilliam English e".

29 m. Uilliam Ruadh Mac Coitir. As briathra leamh ar ólbhaois. 4 v. "Do bhí an tAthair Seaghan Riadhach Ó Briain lá air cóisir d'airig sé bacach ag gabhail briléis amhrain do rineadh do Mhóirín Ní Luinneacháin . . . do sgribh an t-amhrán . . . gan a bheith fuinte a sling (sic) na a n-uím; do thug do Sheamas Mac Coitir . . . le meanndáil nó deasaighthe . . . thug Uilliam ... iompógh eile don stair dubhairt sé na fochail seo ionár ndiaig ar an ttiúin ceadhna".

30 m. As dubhach liom an smúit seo ar Ghaoidhil. 3 v., le f.c. "saoghal fada", ach an chuid eile ar iarraidh toisc duilleog (lgh 31-2) a bheith caillte anseo. "Ar an tiuin fiadhuicg .i. Hark away to the merry tout horn . . .".

33 . A chana ghil dár radusa dhuit annsacht dian. 4 + 1 v. Le réamhnóta: "Do thriail duine uasal áirighthe ... aig feachaint Mhuircheartuicc mheic Eoin Ui Shúileamháin siar ar fad go Béura"; fuair sé an iomad brannda. Dhiúltaigh sé do chuireadh eile ón Súilleabhánach "agus do chuir an duine uasal leathsgeal chuige mur leanus".

34 m. Risteard Buistiún ".i. Giolladh Gallda gadhar do bhí aig Ó Neill . . . a cCathair Lobháin . . . sgribh sé an bheannacht so chum a mhná . . .". Beir mo beanocht go Dún Daick. 18 r.

36 m. Niall Ó Néill. Air maidin laoi mhínghil tréarn néulaibh suain. 13 + 1 v. "Ar bhás Alastruim Mhic Cártha .i. Mac Cártha Riadhbhach do fuair bás san Spáinn".

39 . Dómhnal Ó Murchádh. Más dothchas ár ndóthchas a mbliagna mheath. 3 v. "Dá chomhairliugh do Ghaodhaluibh gan dul a n-éadóth[chas] ar Dhia cé gur chruaig é a ccás go bhfoirfeadh orrtha uair éigin". Le gluais ar "Bródric ... is Crofts".

39 i. Treasgair a liog is claoidhig an dlightheadóir camm. 2 v. "Badh ghnáthach le Bródric reamhraighte bheith ag brise 's aig leaga seanchealladh ... ag déanamh balluidhe iothlan stábluidhe is luighbhoirt dá cclocha coisrigthe, ar an adhbhar san do dubhrag leis gan stad d'éis a bhais do ceangladh do leac a thuamadh na focail . . .".

40 m. Da maireach ar mhairuibh an marramh so fúghat a lídheag. 2 v. Roimhe: "Air bhás dhochtúir Barry d'iompaig chum tcampchail . . .". Lean.: " nár fhóiricc Dia na Muire ar mhac na striapuidhe mar badh mhuar an namhaid é don eaglais naomhtha d'fag sé".

40 i. Cia peacach fórior lionta go leor me 'a láibh. 1 v.

41 . Aindrias Mac Cruitín. Go cúig roimh luis dá t tugadh grasa Dé. 7 v. le gluaiseanna (e.g. "dúda .i. gliogaire . . ."). Réamhrá 10 1. leis: "Air an ccúntas do chuir sé chum carraid iomhuin do ar an ttarangaireacht do bhí a leabhar Ruadháin Lóghthra . . . 1739 . . . badh leabhar dídheachta nó aifrinn é".

42 m. An tAthair Eoghan Ó Caoimh "do bhioch a nDún ar Fháil ag tabhairt aithfir ... do Uilliam ... an Dúna do thaobh na cualaidh sé Uilliam aig ualchumha ar bás Airt . . . mac don Athair Eoghan d'éag le bolgaicc san bhFrainnc . . . 1710". Prós agus filíocht. Tar éis 1½ líne próis: Má táimsi innís le tuille is trí raighthe. 11 v. Ansin prós a thos.: A bhairdín bholgshúiligchaladhaire chroisfhiaclaigh (lch 45).

45 m. "Freagra Uilliam an Dúna air Eoghan". Prós agus filíocht. San eacht san 'nur eighmhis a ndoilithirt (leg. ng.) bhroin. 5 v. Lean. prós: Atá iongna orrum a leadhibín chasleatharuicc. Ansin Siosgadh má thugas ar fhionna mo cháirdios Criost. 1 v. agus Truadh liom Art fá thurradh ceall. 14 r. (le nóta tar éis r. 14 "deire leis an dán") + 3 v.

49 m. gana. Goirthear teach Thuathail d'Éirinn 1 r.

49 m. [Piaras Mac Gearailt]. Moladh do Mhuire. Tos. Tá páirt no raint don chreideamh Saxanamhuil Liútaránach so do ghlac mé (⁊ ní mar roghadh). Sínithe. Lean. Cia peacach fóríor lionta go leor mí 'láib. 1 v. cf. 40i.

50 m. [MIS AGUS DUBH RUIS]. Tos. Mis inghéan Dáire dhóidgheal cct. ag caoine a céilea cómpáin .i. Dubh Ruis crutaire ceoilbhinn Feidhlime Mhic Criobhthuin.

51 m. gana. Tá créacht is brón le gleosgímhle. 42+2 v. "Marbhchaoine Éamoinn mic Uilliam Mic tSíthe do crochadh a cCloithchín an Mharradha an 3ua lá do Mhios na Bealltaine . . . 1766".

65 m. "Duine Uasal Airighte". Gomadh slán fád thorra dhuit. 2 r. le réamhnóta 5 1.

65 i. Tiucfaig chug/iainn ón ttír a ttuaig. 1 r.

66 . Eoghan Mheic Cártha an Mhéirín. O tolladh libh a chosgarthuicc na ttriuch go leir. 8+1 v. ("Feartlaoi"). "Ar bhas Duirrean ínghéan Bhaitear Páor, dearbhrathair Phiarus Chluain Mult noch d'éag . . . 1736".

67 i. "Do thuit meisge rómhór ar an tEóghan an Mheirín róimhraighte uair a ccaideachta an sgríbhinneora Ph.M.G. Do thug sé iomad annchaint raful easaonta do Ph. . . . do ghaibh leathsgéal leis mar leanas": A shaoi d'fuil éachtaig cheannusaicc na nGearaltach gan stánadh. 1 v. Lean. "Freagra an Ghearaltaicc": A shaoi do phreimhfhuil Charrathuicc nár cheachartha san ttáirnidh 1 v. (gluais le "ttáirnidh"—"pro tabhairne gratia carminis"). "Dubhairt mallathor eigin leis an nGearaltach ceadhna mur leanus": A Phiaruis, a ghliadhaire badh sanntach meodhan. 1 v.

68 m. Tíolacadh an leabharáin ag an scríbhneoir don ainnir dár gheall sé é "chum fóghnaimh . . . an fhioruasail oirdheirc úrchroidheach .i. Craoch Builtéar". Tos. Sin agad a mhanladh, mhiochair, mhuinte, mhaiseach, bhéusaicc mhnamuil, an fabharthus beag suarach símplídhe do gheall me duit . . . ó bhí sé d'onóir agam tú d'fheicsint a nAith-na-Cishe taoibh le M alladh. Deir sé gur "sgriobh a n-aon tseachtmhuin". Sínithe: "Piarus Mac Gearailt, Árd-Shirriam Leithe Moghadh". Cf Amhráin Ph. Mac G. lgh 86-7.

70 . idem ("P. Mac G."). Beir lan na cruinne do bhruingealuibh ciuin tais reig. 3 v. chun na mná céanna.

70 m. idem. Cia nach aithnid dham seabhoc na ccroidhe nneach ttréan. 1 v.

70 i. Colafan: "Críochnaighthe le Piarus mac Míthchíl Mac Gearailt an t-ochtmhugh la den Mhídh Mheadhain . . . 1769. Sic transit gloria mundi".

(b)

Lgh 71-112. Tá lgh ar iarraidh óna tosach is óna deireadh (?) seo (cf. thíos). Tá 1790 mar dháta léi (85m.) agus "June" agus "July 29th" le loganna faoi leith (101i., 104m.). Pádraig Ó Boiga[dh?] (cf. Ó Boigeadh RIA Cat.) a scríobh an ls go léir. Tá an litriú míchruinn, agus an pheannaireacht ró-órnáideach. Scríobhadh cliathánach (2 cholúin) ar dheis an lgh de ghnáth d'fhonn an lgh a líonadh.

71 . Tos. v. 18: Aistroid na flathaos air atharach crithe, agus téann go v. 93 den dán A Chríostaidhe ghrádhmhair, cáirdeas guidhim duit atá roinnte ina ví agus iad san ríofa.

79 . Uilliam Ó hÁodh. Bug (leg. Ba) fhurusa a mheas an tan tug Claoina gáir. 17 v. + 1 r. (a thugann an dáta 1744). "Mairrine Dáibhí do Barre .i. Captain Barrué".

80 i. idem. Atá a tteampaoll Catharthach marbh go faonn a bhfeart. 23 + 1 v. ("Epitaph"). "Mairrine Dhonchadh Uí Aódh".

83 m. gana. A cairid gan chol 's a chogair chárdais chóir. 6 v. "Freagara air Dhomhnall Líath a gCairbreach air son gortaightha a choise a lama air mbeith air meisge do ag fágbhail Droithid Banndain".

84 . Concubhur Ó Riobhardáin. Is ciach líom Carrathach Cairbre cróga thuit. 4 v.

84 m. gana. Fáilte is céad do bhláth na gCraobh. 6 v. le nóta "Crioch 1790" 85m.

85 m. Uilliam Ó hAodharluthe. Tríam aislin aráor gan bhreag sanúair. 4 v.

87 . Seaghan Ó Connuil. An uair smaoíngim air shaoithibh na hÉrion. 474 l. Tá dáta 1790 ar lch 93 sa chúinne uachtarach amuigh. Colafan: "Críoch re tuireabh na hEirionn, Patrig O Boiga[dh?] an ceairhiu la fith[ead] of June . . ." (101i.).

102 . Bailiúchán de dhánfhocail is búrdúin. As truagh san duine na tuigean a cursa fein. 1 v. Farra Mairin, farra Mór bhím. 1 r. Ar eillín do t'íaraig araoir dhom. 5 1. Seal dom i Loímineach na long. 1 r. As aoibhinn an Leabhuin madain cheóg. 1 r. Is fuath líom Dounach gan dionaghar (leg. dinéar). 2 v. Asbagh fáinig chrionas loch. 1 r. dere ceó cith. 1 r. Díg gach sinnine an suoch (leg. sioc). 1 r. As marig guraibh e athreamh a lóng. 1 r. Ni hanithe go gaoith aneas. 1 1. Ní bhfuil poug go rioghacht neimhe. / Ni bfuil luach go haifferean d'éisteacht. (103i.). Duine gan stór ní mór a carid san tsaoghal. 2 v. As i do mhíll na milte a nEiren smáil. 1 v. Uair na pimp na bioch aig duine as a stor. 1 v. le haistriú Let none in full, if pomp and supply.

104 m. gana. "Eachtra Chapuil an Chaomaoín". A dhuíne nó an díth libh na sgeolta. 247 1. (líne eile clúdaithe sa cheangal). Dáta "July 29th 1790" tar éis an teidil.