ISOS logo
en

MS M 107

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

M 107

IOMARBHÁIDH NA BHFILEADH

DUANAIRE UÍ BHRIAIN

18ú haois. Páipéar, 7.6" × 6.1", xiv + 263 lch (uimhrithe 1-263, ach dearmad san áireamh—43 bis ; 50 tar éis 48). Tá lgh 85-6, 88i., 87i. gearrtha chun siúil. Tá duilleog ceangail le nótaí déanacha i bpeann luaidhe i dtosach, agus tá roinnt lch bán gan áireamh ar chúl na lse. Tá lgh bhána i gcorp an leabhair mar a chuirtear in iúl thíos; is minic, farais sin, a fhágtar cuid de lch gan líonadh tar éis aiste a chríochnú. Tá peannaireacht trír sa ls. A iii - 227, an té a scríobh an bhunls, peannaire oilte. Tugann sé dáta (1712), log (Léim an Eich i gContae an Chláir), agus ainm pátrúin na lse (an Ridire Donnchadh Ó Briain) dúinn (cf. v), ach ní ligeann sé a ainm féin linn. Tá a pheannaireacht an-chosúil le peannaireacht Aodha Buidhe Mhic Cruitín, agus is dóigh gurb é an scríobhaí. Scríobh B (ná fuil chomh hoilte leis na scríbhneoirí eile), lgh 228-244 ; C, lgh 245-258. Duine éigin eile seachas an triúr luaite a scríobh an Laidin lgh 261-63. Tá eolas i dtaobh stair na lse ar lch i, agus dealraíonn sé gurbh é an "an bráthair bocht Doiminic Mac Daibhett" féin a scríobh an lch sin. Is ionann an pheannaireacht agus an dúch ar an lch sin agus iad siúd atá i leasúcháin, agus i mbreiseanna beaga déanacha atá ar fud na lse. Ar aghaidh na duilleoige ceangail i dtosach tá nóta i bpeann luaidhe á rá gur scríobhadh an ls i 1612. Tá nóta fada laistíos de sin ó "Rd de h-Enebre 1891," á bhréagnú sin. Ceangailte i leathar crón. "Leabhar Na hUmarbh. Fr. Dom. Dav." in órlitreacha ar a cúl.

i . Nóta: "An Brathair Doiminic mhac Daibhett (mac Conchobhair Mhoir mac Diarmada, mac Toirrdhiallaigh Óg, mac Uilliam, mac Néill, mac Eamonn Mhór ; a quo an sliocht) cuigiach na mBrathar St. Phfroinsias ós Éirionn, do cheannaigh an léabhar so a n Innis Chlúnrámha a cConntáe an Chláir, a cCóige Mumhan, do chonbhent Dhún na nGall, san bhliadhain d'áos an Tiagharna 1777." Lean. Dánfhocail: Is truagh sin, a léabhran bháin. 1 r. As buana ina Iamh sgribín. 1 r. Faoi sin : "A Leaghthóir ionmhuin aitchim ort urnuighe do dheanamh .... le trocaire dhéanamh ar anmuin an cheannuightheora reamhraite .i. An Brathair bocht Doiminic Mic Daibhett," A chúl seo bán.

iii . "Chum an Léaghthóra ón sgríbhneoir.-" 'Fhir léighfeas foirm an duille go saoírchiallach. 5 v. Don ridire Donnchadh Ó Briain.

iv . Aodh Buidhe. Sé Donnchadh dhaoineach torrachtach tíorthach cosantach cíosach croithleoghanta. 2 + 1 v. "Don ridire chéanna." Spás fágtha idir v. 2 agus v. 3.

v . Réamhrá don Leabhar : "Ceathrar do ní (ceartaithe go gnídh) díon do gach ealadhain, eadhoin : Taebad sgribhinne, aimsear, log (gluais : locc .i. ionad CL.) et pearsa. Tachad sgríbhinne an leabhair se an bhliadhain d'aois Chríosd eadhoin míle, seacht ccéad et dá bhliadhain déag. Aimsear don leabhar so eadhoin áimsear Anna ionghion tSéamuis mic Séarluis Stíobhard do bheith 'na bainríoghain ar Shaxaibh, ar Albain, ar an bhFrainc et ar Éirinn. Log don leabhar so Léim an Eich i cConntáe an Chláir i cCóige Mumhan. Pearsa fós don leabhar so, . eadhoin, an Ridire ró-oirdhruic Sir Donnchadh Ó Briain (gluais : an treas fear don ainm sin i Léim an Eich) aon do rúnchomhairle a mórdhachta inn Érinn, a chlann fheardha eadhoin Lúisius et Hénrígh." Lean. craobh geineallaigh na mBrianach seo. Roinnt gluaiseanna agus breiseanna curtha leis an mbunscríbhinn.

xiii-xiv. "Clár an Leabhair si."

1-100. IOMARBHÁIDH [NA BHFILEADH]. Na dánta seo leanas de Content. II, III, IV agus V (mar agallamh), XIII agus XIV (mar agallamh), XV agus XVII (mar agallamh), XX ("Dán do tháinig attuaigh gan ainm aoin fris, chum Tadhg Mac Dáire " ach nóta leis sin ó M[hícheál mac Pheadair Uí] L[ongáin] " Baothghalach Ruadh Mac Aodhagáin "), XXI, VII, VIII, XIX, XXIII agus XXIV (mar agallamh), XXIX. Cf. lch 129 (VI), 155 (XXVII), 169 (XXVIII).
Tá 80i. bán. Ar lch 81 níl ach : "An t-úcaire i ttuaigh do chan so san iomurbháigh" : Ná hósglaid Muimhnigh a mbéal. 1 r. agus "An t-úcaire Muimhneach do chan an freagradh so" : Leath Eoghain ceart cródha is úire sluagh. 1 v. Lgh 82, 84, 93-96, agus a bhfuil fágtha de 87-88 bán. Tá 85-86 agus an chuid íochtrach de 87-88 gearrtha chun siúil. Níorbh ionadh dá mba nótaí nó colafan ón scríobhaí a bhí ar na lgh sin.

100 m. Taidhg Mac Dáire. Mór atá ar theagasg flatha. 55 r.

105 m. Domhnall Ó Maolchonaire. Aoidhe ó gCais 'na chrích féin. 10 r. + 1 v. (" An tAbhrán ").

107 . Tadhg Mac Dáire ("an fear céadna" scriosta). Mo cheithre rainn duit, a Dhonchadh. 5 r.

107 m. gana. Gabhaim mo dheich rainn sa rian. 10 r. Lean., scartha uaidh, gana. Tugasa searc nach casfaid síothmhnáibh suilt. 4 v. (108m.).

110 . Lochlainn Og Ó Dálaigh. Ionmhuin triur tainig dom fhios. 20 r.

112 . Conchubhair mac Cruitín (l.d.). Righin mo thriall go triath Baisgne. 37 r. "Dán do Taidhg tríath Chlúana Dhá Lá" (l. d.).

115 m. Tadhg mac Dáire mac Bruaidíogha. Tug dhamh th'aire, a Innse an Laoidh. 71 r. Dáta an dáin scríofa 120 marg. sin.—é sa rann in aice leis ("1712-1588 : 129").

122 m. idem. An tú mh'aithne, a Innse an Laoidh. 30 r.

125 i. gana. Fialfhuil Táil ó thárlaidh an uair se in úir. 1 r.

126 . Giolladh Bríghde Albanach. Aisling do chonnarc ó chianaibh. 12 r.

127-128. Bán.

129 . Content. VI. Fo-ghluais i mBéarla agus i nGaeilge ; rr. ar imill.

152 . Domhnall mac Dáire Mac Bruaidíogha. Ceolchair sin, a chruit an ríogh. 12 r.

153 m. idem. Tabhradh chugam cruit mo ríogh. 13 r. + 1 v.

155 . Content. XXVII.

157-168. Bán.

169 . Content. XXVIII.

176 . gana. Triath na hinnse ag triall tar taoide. 6r. "Fáilte do Mhurchadh .i. Iarla Innse Uí Chuinn."

177 . Brian Ó Briain. Ar bheith dhósan breoidhte cnaoidhte. 284 1. (ina ví). "Iar n-éag Mhurchaidh Uí Bhriain, eadhóin, Iarladh Innse Uí Chuinn."

187 . Seadhan Mac Riagáin. A Mhurchadh Uí Bhriain, tá fiadhach ar Ghaodhaluibh. 26 v.

192 . gana. Ochtar dhíobh ar siubhal sluagh. 2 r. scartha. An chuid eile den lch bán ach ag a bhun : "An t-abhrán : Níor chodladar mur Conall i mBinn Eadair, 1 v.

193 . Caitlín Dubh (1. d.) : Do chualadh tásg do chráidh fir Éirionn. 96 l. ina ví. "Iar n-eag Dhonchadh Iarladh Tuadhmhumhan."

198 . Caitilín Dubh. Seal dá rabhas gan fhonn gan aoibhneas. 82 1. ina ví. " Do Dhiarmaid Ó Bhriain .i. an barún."

201 . Brian Ó Briain. A Mháire, má tá a ndán gur cailleadh thú. 59 l. ina ví. "Do Mháire inghean Mhic Mathghamhna Tuadhmhumhan ré a héag." Ábhar ceartúcháin déanta 202i.

204 . Caitlín Dubh. A chluain se tara mbuailim go diamhair. 14 v. "Do Thiarna Chluana Idir Dhá Lá .i. Toirdhealbhach Ruadh Mac Mathghamhna. Marbhnadh."

207 . "An bhean chéadna don fhear chéadna." ' Sé cúis h'éaga mhéadaigh mh'osna. 9 v.

209 . "An bhean chéadna." 'Sí Máire inghean an iarla mo sgrúda. 13 v. " Do Mháire inghean iarladh Tuadhmhumhan i. bentiagurna Chluana Idir Dhá Lá."

212 . Cormac Ó Conaill. Lá éigin dár éirgeas ar maidin laoi luím. 4 v. "Don mhnaoi chéadna."

213 . Domhnall Ó Suilleabháin. A thurcullaigh leágha do dháil searc uait don mhnaoi. 1 v. "Don Chormac soin Ó Chonaill iar n-éag na mná céadna."

214 . Toirdealbhach mac Murchaidh na nGeimhleach. A long an áir do chráidh na tíortha. 126 l. ina ví.

218 . gana. Sguir, a mhacaoimh, ná dín ainbhfios. 58 1. ina ví." Do Thoirrdhealbhach Mac Mathghamhna ó Chluain Idir Dhá Lá."

221 . Seádhan Mac Riagáin. Is mé Suibhne ar díoth mo cheille. 100 l. ina ví.

226 . Muirchiortach Ó Dálaigh. Is é Conchobhar cródhe an fear cosantach caoin soilbhir, a ghnúis ghriandha [soirbh, a ghnaoi tabhartha mar mhalairtí ar soilbhir, a ghnúis]. 2 + 5 v.

228 . Giolla Brighde O Heodhasa. Truagh liom, a chompain, do chor. 92 r. "Dá chara Maolmuire Magcrath iar dtuitim a n-eirciocht do, le gradh don tsaogal dhiombuan anmhiana na coille." Dhá r. ar na himill lch 236, agus an r. deiridh curtha isteach ag l. d.

236 m. "Melerii Mc Grath Archiepiscopi Cassiliensis ad victorem Carmen." Tos. Venerat in Dunum primo sanctissimus olim. 8 1. Le nóta faoi: " Dominus est qui judicat me . . . ."

237 . Seaghán mac Torna Ui Maolchonaire "árdollamh Eirionn " na aimsir fein." Créad fa seachnaím síol Aodha. 29r.

240 . gana. Gabh mo chomhairle ria n-éag. 13 r. " Comhuirle."

241 m. Eogan Ó Dála. Dubhach sin, a Chinn Choradh. 30 r.

245 . Eoghan Ruadh Mac An Bhaird. A.D. 1600. A bhean fuair faill air an bhfeart. 39 r. + 1 v. " Ag eccaoine inghine Í Dhomhnaill Nualadh, do bheith 'na haonar ar bheagán mbanchuire ag caoineadh na n-uasal tar a ttig isin dán síosana."

251. Bán.

252 . Feargal Occ [Mac An Bhaird]. Truadh liom Máire et Mairgréd. 12 r.

254. Bán.

255 . gana. Ni bhfuighe meise bás duit. 7 r.

256. Bán.

257 . Aodh Mac Aodh Duibh. Gabh mo theagasg, a bhean bhán. 10 r. Bán as sin go [260].

[261] . Sliocht Laidine ar na hIarlaí agus a mbás. Tos. Anno Christi 1472 Friderici 3 Imp. Occid. an 33 Sixti 4. Críoch. . . . honorifice funerandum curavit Vallisoleti in Hispania 4 Id. Septemb. . . . 1602." Faoi sin thíos : " Hic Iacet Eugenius, Scotorum victor Ó Melius. Bin (mihi si dubitas) Borbia testis erit " (1. d.) [263m.]. Sin a bhfuil.