ISOS logo
en

MS M 103

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

M 103

FILÍOCHT : TROMDHÁMH GUAIRE

TÁIN BÓ CUAILNGE : EACHTRAÍ

18ú haois. Páipéar. 12" × 7.2." 248 lch (uimhrithe 3-250) le lgh bhána ceangail i dtosach agus i ndeireadh. D'uimhrigh an scríobhaí an ls ina dá cuid 1-46, ansin 1-204 ; uimhríodh go leanúnach í le déanaí le peann luaidhe (49-250) ach níl an t-uimhriú sin ach ar na lgh ar dheis amháin. Leanaim an t-uimhriú déanach sin, ar son na simplíochta, sa chuntas thíos. Ardghaoill Úa Hathluainn [Ardeil Hanlon] a scríobh í agus tá na dátaí 1762, 1764 léi (cf. 181i., 218m.). Is léir ón ábhar, ón bpeannaireacht, agus ón gcanúint gur ó thuais-ceart na hÉireann di: cruthaíonn an dá shíniú (sealbhóra ?) ar lgh 71i., 72i., go raibh sí i gCúige Uladh go dtí tosach na 18ú haoise (in Iubhar Chinn Trá). Tháinig sí ó dheas ina dhiaidh sin agus is dócha gur bhain sí amach cnuasach an Easpaig Uí Mhurchú i gCorcaigh, cé ná fuil aon tagairt dó uirthi. Tá duilleog ar iarraidh le fada (lgh 1-2) ón tosach. Tá lch 3 ábhar salach agus roinnt de doléite. Tá an cúinne lasmuigh thíos caite ar an gcéad dosaon duilleog ach is beag téacs atá caillte. Tá mant maith as an duilleog 133-134, agus mant níos lú ná sin as 135-140 ; tá an lch deireanach salaithe agus beagán den téacs caillte as toisc poill bhig. Tá duilleog ar iarraidh ón deireadh freisin. Ceangailte i gCairtchlár breac le cuimhaiseanna agus drom leathair. "Historical Stories : Irish MS." in órlitreacha ar a drom. Cf. M 98.

3 . ["Eachtra na Mná Móire thar Lear "] ach roinnt den téacs ar iarraidh toisc duilleoige a bheith caillte. Lean. Duisgeadhar leo a n-iolatt mhaol. 79 r., ach cuid den téacs doléite ar lch 3, agus beagán de caillte ag an gcúinne lasmuigh thíos de lgh 3-4.

7 m. gana. Trom na gártha sa don Leith Cuinn. 29 r.

9 . Séamus Mac Cuarta. 'S a nEachruim an áir atáid 'na ccomhnaidh. 204 + 41.

11 i. Nóta ón sgríobhaí : " Guidhe air an ccleireach .i. Árdghaoll Ua Hanluain . . . . sin (?)."

12 . Padruig Mac Alionduinn. Do dhartaibh na ndrúagh húailfead an daoí chun báis. 5 v. (13m.) le réamhrá fada próis ón údar. Tos. A cheap casgartha bodaigh lear feargadh a nádúire dháona et an fírdhia féimeach fiosach.

13 i. Dánfhocal. A leabhráin bhric bháin. 1 r. le nóta ina dhiaidh "Guidhe air an ccléireach as ucht Dé .i. Árdgháoll Ua Hanluainn."

14 . Raghnall Mac Domhnaill. A Shíogaidh don ghriobhaltuin chrúaidhbhuídhe luim. 8 v. + 3 l. próis + 13 v. le Réamhrá 91. próis ón údar. Tos. A Bhriain bhocht Ui Chúgan cluineam do teist et do thúarasgbhaill san tír.

15 m. Donnchadh Mór Ó Dáluigh. Is fairsing dealbh pobal Dé. 55½ r. (== Is fada fairsing pobal Dé).

18m.-i. Bán.

19 . EACHTRA MHIC NA MÍOCHOMHAIRLE faoin teideal "Síobhradh síthe agus innéirghe Mhic na Míochomhairle a bpróse agus a bherse air an bfonn do cumadh le Cearbhall Ó Dálaigh fris a ráidhtear Aiste Chéarbhaill." Filíocht ar dtús : Mar ccúala sibhse é ní miste dhaoíbh fhíafraidh dhíom. 26 1. Colafan : "An úair nach bhfuil agam lúach sáothair, guídheam beannacht on léaightheoir don sgríbhneoir .i. Árdghaoll Úa Hanluainn" (33m.).

33 m. gana. A chláonchara do thréig mé cionn m'fhághail air meisg.' 6 v.

34 . OÍDHE CHLOINNE UISNEACH. Tos. Fleadh mór áidhbheil do rinneadh le Conchubhar mhac Fachtna Fáith, mhic Cais, mhic Rúghraidhe, mhic Sitrighe, mhic Duibh. Le colafan : " An úair nach bhfuil" etc. (44i. cf. 33m.). "Árdghaoll Úa Annlúain."

45 . Padruig Mac Alionnduin. Feacht n-aoín da roibh mé 'n úaigneas. 5 v. agus giota próis ina dhiaidh a thos. : Mo chruthadh air sin, gan do chloinn ná do chaoimhchineul sléachta. 15 l.

45 m. An tAthair Donchadh Mac Cásuidh. Fós, a Phádraig, gud é an sporsa shaobh do chiallsa. 5½ v. " Freagra .... air an Síorraide Síobhradh an Boltunach." Lean. 6 líne próis.

46. Bán.

47 . IMCHIDHEACHT NA TROMDHAIMHE "ana bfoilsigh-thear cionas da fuaras an Táin air ttús." Tos. Righ uasal oirdnighe for Oirghiallaidh feachtas n-áil dair badh comhainm Aódh Mhac Duach Duibh. Críoch. : " Cona í sin Imchidheacht na Tromdhaimhe go n-uige sin. Et anois is mían rinn tionsgnugha air an Táin amhuil do tharla comhradh Chinn Ciorchoille eidir Oillioll mór et Meadhbh um a ttainic tosach air an Táin. Finis de sin " (72m.). Síniú déanach faoi sin : " John. O Hagan, Newry 15th May 1800." Ar 71i. tá síniú an duine chéanna : " John Arthur O Hagan."

73 . TAIN BÓ CUAILGNE (TBC St.) Tos. Feacht n-aoin d'Oillioll et do Mheidhbh air n-eirghe as a righleaptha dhóibh a cCruachainraith Connacht go ttarla comhradh chinn ciorchoille eottarra. Tá stráice mór ar iarraidh laistigh thíos O lgh 133-4, agus blúire beag sa treo céanna ar iarraidh ó lgh 135-140 (87-94). Fágann sin bearnaí sa téacs (cf. TBC St. Introd. lv). Críoch. : " Con e iomthusa an Duinn Chúailgne et tabhairt na tana le Meaidhbh inghean Eochach et le Oillell Mor mhac Magach go n-uige sin. Finis " (161i.).

162 . EACHTRA AN MHADRA MHAOIL. Tos. Sealg et fiadhach fianchosgar do comorugha le Cing Airtiur mhic lobhair mhic Ambrois mhic Coinstin. Colafan : " Guidhe air an ccleireach air son Dé iodhon Ardghaoill Úa Hanluainn. 1762 " (181i.).

182 . EACHTRA CHLOINN RÍGH NA hIORRÚAÍDHE. Tos. Ardrígh uasal oireadh fiosach fíorghlic fireólach calma curata ceartbhriathrach ro ghaibh flaitheas et forlamhus for chríochuibh glanaille na hIorrúaidhe. Le colafan : " Airna sgríobhadh le Árdgháoll ua Hanluainn an bhlíaghain d'aois an Tighearna 1764. Guidheam beannacht gach léaghthora don sgribhneoir air ghrádh Dé " (218m.).

219 . [EACHTRA IOLAINN AIRMDHEIRG ET] TORUIDH-EACHT FHÍACAL RIGH CRÉAG. Tos. Righ sáorbhreitn-each ráthmhar réimdhireach cosgurthach cathbhúadhach cosan-tach ro ghaibh flaitheas et forlamhas fair an Ghréig feacht n-áil. Colafan: " Cona í sin Eachtra et Imtheacht Iollainn Airmdhearg et Toruídheacht Fhiacal Rígh Greag. Guidheam beannacht gach léaghthóra don sgríbhneoir .i. Árdgháoll Ua Hanluainn. March ye 18th 1764. Anno Domini 1764. Ardell Hanlon" (224i).

245 . Seamas Mac Cuarta. A sheanchloch úasal godé an suan sa / air dhaimh do thíre. 10 v. + 25 l. próis + 10 v. + 21 l. próis + 9 v.

248 . gana. A Phádraig, a ccuala tú an tseilg. 53 r. gan a bheith iomlán, agus lch 250 salach go maith ; f.c. Sháoileamar. " Laoi na Sealga."