ISOS logo
en

MS C 97

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

C 97

DÁNTA DIAGA

16ú haois. Tá 7 duilleog páipéir anseo. Gabhann dd. 1, 3, le chéile. Bainid seo leis an ls RIA 24 P 15. Lean. 3r° lch 130 ansiúd (cf. RIA Cat. lch 1182). Dá réir sin is é Corc Ú Cadhla a scríobh na duilleoga seo i 1583-4 (cf. ib. lch 1180). Is truagh ná fuil ach sráice, beagán níos lú ná a leath, de na duilleoga seo fágtha (8.8" × 5-6.7"). Tá duilleog ⁊ scáinte caite leis. Bhain na duilleoga (10" × 7.8") eile le ls eile, O timpeall na linne céanna, de réir na peannaireachta. Na himill amuigh caite agus téacs caillte dá réir sin. Is dócha gurb é an t-aon scríobhaí a bhreac an t-iomlán ach 5 v°. Tá trí lámh ar an lch seo; an chéad cheann ag scríobh na Laidine; dán grá O pheann an úinéara "Labhrás Cúimíne" (cf. 7v°). Ag bun an lgh tá lámh eile fós, agus dúch níos úire. Is léir go raibh a bhfuil anseo i seilbh Labhráis; bhí 24 P 15 ina sheilbh chomh maith. Na lgh ceangailte le chéile anois agus iad faoi chosaint dhá dhuilleog fhlaithiúla bhána. Lasmuigh ar cheann díobh tá "O'Curry 97."

3r ° [Decern Ingenia Curandorum Morborum] an tosach i 24 P 15, 125. Ag lean. ar aghaidh anseo i lár 3 r°; ansin 3v°, 1 r°. [Ingenium Tertium]. Supra Gailén a regimenta acutoris (?) isin chanóin so. Quodsi ante quis si virtus et ejus etas permisit et cetera .i. da bfuilingidh an bhruth an aois é. (Cf. 24 P 15, 130b i. f.c.). Ina dhá cholúin. Is féidir tosach na n-alt seo leanas a léamh: "quartum ingenium" 3r°am., "Sextum ingenium," "Octavum ingenium" 1r°am; "Nonum ingenium" 1r°ai. Tá 1 v° bán.

2r °. (R. ar gach 1.; 1. d easnamhach i gcónaí). Niam a gruadh aluinn mur fuil. 5 r.

2r °m. gana. Truagh bur gcor, a cholann criadh. 16 r.

2r °i. gana. Tearc agam adhbur gaire. 7 r.

2v °. gana. [Múin ai]thrige dhamh, a Dhe. 31 r. (1. a easnamhach).

3v °. Cf. thuas.

4r °. gana. Aisdr[igh] chug[am] a chroch naomh. 30 r. (l.d easnamhach).

4v °. [gana]. [Crann toraidh] c[ro]ch an Choimhde. 36 r. (1. a easnamhach). Ceartuithe marg. sup.

5r °. gana. [G]abrialliom an Domhnaighibh. 8 r. (1. d easnamhach).

5r °m. gana. Seachd bplagha ifrinn dar lem. 10 r.

5r °m. gana. Dia Domnaigh [nó Satairn suprasc.] ro beannaigh Dia. 3 r.

5r °i.Ortha na bhFiacal i Laidin: "Dominus noster Jesus Christus supra petram marmoream sedebat. Petrus ante Jesum stabat..."

5v °. Ainteafan agus paidir N. Rochus. Tos. O quam magnificum est nomen tuum beate Roche.

5v °m. gana. A chompdin seachoin sinne. 5 r. + 1 v. (Cf Ériu xxi).

5v i. Burdún. [T]dim re [s]ealad fá aitios a n-aoibhneas beo. (dúch níos úire; a lán den téacs caillte).

6r °. Donnchadh Maol M[     ]. Maith mo fpardúnsa pais Dé 21 r. (1. d easnamhach). íochtar an lgh bán.

6v °. gana. [Bréagthar bean le séad suirghe / cá bean nach] breagfa coibhchi. 12 r. (1. a easnamhach anseo agus sa chéad dán eile. Ceartú (?) "[. . . ]us fhéchfadh"r marg. sup.

6v °m. gana. [Bean dá mac máthair I]osa. 15 r.

6v °i. gana. [Ó]r na mban baincheann nimhe. 7 r. gan a bheith iomlán. Préamhacha duilleog tar éis 6 v°.

7r °. Oidis i mBéarla agus i Laidin (?). Lámh anaithnid.

7v °. (bunoscionn). "Labhrás Cúmíne a leabhur do thug ar iasacht é dá bhrathair ionmhuin an 2a lá don mídh Faoile 1730."Pé óltach bhím poiteach gan poinn iota. 1 v., curtha i leith

D. O B. (?). Sínithe eile : "Philip Ma Guire," "Philip Mc Guyer," "Peter Leburn."