ISOS logo
en

MS C 41

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

3 B 10

SENANIANA

18ú haois. Páipéar. Lgh deisithe : 7.9" × 6." (a) 1-100 lch + (b) 4 lch gan uimhriú + [47]-70 ; seanuimhriú inléite ar na lgh 49-70. Aindrias Mac Cruitín a scríobh (a) go cinnte, agus (b) is ródhócha ón. bpeannaireacht (agus ón síniú 68i). Scríobh sé do Éamonn Ó Maolruanaigh agus dá bhean " Seabhán " i 1721 (cf. lch 3), agus tá dáta cruinn 9-4-1721 le 42m. Tá an dúch lagbhuí feoite. Bhí caitheamh dulta ar roinnt mhaith lch i dtosach na lse (a) agus ar (b) uile, go háirithe ar a tosach, sular deisíodh an ls san RIA i 1951. Is léir ón uimhriú go bhfuil 42 lch ar iarraidh ó (b) Dealraíonn sé gur chóip de C 41 í RIA 23 L 11 ; ff. 132 et seq. Cf go speisialta RIA Cat. Lgh 1714-'6. ( Cf. R 71 chomh maith). Tá nótaí ar na himill anseo ó " D. Cusack," agus táid le fáil i 23 L 11 (A.D. 1780). Tá athnuachaint déanta ar an dúch anseo agus ansiúd (lch 3, 33 etc.). Tá roinnt bheag cheartaithe etc. ó láimh eile (E. Ó C. ?) seachas D.C.

An ls seo ceangailte go slachmhar anois ar aon dul le C 25, C 37. Idir dhá nuadhuille ceangail tá billeog a deir (i mBéarla agus) i nGaeilge : " I gcuimhne ar an Athair Seán Ó Laoghóg ó dhíoghóiste Dún Conaire do éag 10 Márta 1937, do leasuigheadh an scríbhinn seo." Uimhir sraithe agus preasa ar a cúl.

p.

1 . (dúch feoite). Aindrias Mac Cruitin. A bhile gan bhéim is gléire shuidhios gach lá. 7 v. "Don uasal fhíorchráibhtigh dárb pearsa an [lea]bhar so .i. Seabhán inghean tSéamais Mhic Conmara." (Cf. Irisleabhar MN 1953, 43-4). Lch 2m. -i. bán ina dhiaidh.

3 . Lch tiomanta : " Ag so do gheiniomhain, do bheatha, et do bhas, d'fheartaibh, et d'fáostinibh Sheanáin naomhtha mac Geirrcind, céideaspog Innse Cathaigh, ama sgríobhadh ar ttús lé hOdhrán an céad chomharba a ndiaigh Sheanáin féin, et dá nuaidhsgríobhadh anois lé hAindrís Mac Cruitín chum úsaide Eamoinn mic Piarais Uí Maolruanáigh et a bhainchéile Seabhán Ní Conmara et go mudh séad fine dóibh féin et dá ccloinn iona ndiaigh, et go madh méadughad uaisle et onora san saoghal so, et go madh sgiath díona dá n-anmanaibh tall an duanaire si Seanáin naomtha do bheith mar oirchisd ' aca."

4 . Bán.

5 . [BEATHA SHEANÁIN]. Tos. Ar mbeith do Pádraig naomhtha ag síoladh et ag seanmor[ughadh] an chreidimh san Mhumhain ("an Éirinn " scriosta) an ceathramadh bliadhain iar tteacht an' easbog a nÉirinn dó (cf. RIA Cat. lch 1716). Stad.,budh claon, collach, góbhreathach, guach, collaidh c—ach, cródha, casaoideach, cosnamhach, uallach, adhaltrach (an) anéagnaidh, anumhal, éidche eaccráibhtheach (41 l. I).

41 . AMHRA SHEANAIN MHIC GEIRGINN. Tos. réamhrá (prós agus filíocht) : Laithe n-aon do Sheanán ag úrnaighe lé fiadait. Colafan leis: " Áilim trócaire Dé tré ímpidhe Sheanáin don sgríbhneoir .i. Aindrias Mac Cruitín 1721, 9º lá do mhí Abhra " (42m. ; m. -i. bán). Lean. an t-amhra (lch 43) : Seanan saor sidathair silim. Go leor gluaiseanna, an téacs féin i gceannlitreacha.

47 . [MÍORBHAILE SHEANAIN]. Tos. [C]id tracht, an tí ara ndearrnaidh an fírDhia na fiorta soin go ró bhídis natoi lomnochta gan croicenn chuige et uaidh. Ag críochnú le : [Án] an chathair chaomh so anocht. 50 r.

57 . gana. Aonta do ronsad go teann. 20 r. Roinnt gluaiseanna ar an imeall.

58 i. gana. Cáin do orduighsiod na naoimh. 4 r.

59 . " Iomagallmha do rinne Seanán et an Inghean Bhuidhe." An é so do do Dhubh Dhíoghlachso ? 18 r.

60 i. gana. An ríoghain eagnaidh ógh fhial. 9 r. Nóta ó l.d. (P. Ó Connaill ?) : " A poem on the church " (60 marg. sin.).

61 . gana. Do bhadasa is Breanainn go rath. 49 r.

66 . gana. Tugsad naoimh Mumhan go maith. 10 r. Nóta : " Error. Sanctus Flannanus Romae Episcopus consecratus an. 639. Seananus autem obiit an. 554. D.C." (marg. dext.).

66 i. gana. Abair riom, a Sheanáin shing. 35 r.

70 . gana. Beannacht duinn a Naomh Bhréanuinn. 14 r.

71 m. gana. Maith (—" th " athraithe go " gh " ag l.d. cf. RIA Cat. lch 1717) triar do rangair an rí. 8 r.

72 m. gana. Fínnmhaith inghean Bhaodháin bhil. 13 r. Nóta 72 marg. dext. : "Carmen Apocryphum, quia hi sancti in illo (?) saeculo non vixerunt sed forte ab hac matre gradatim descenderunt. D. Cusack."

73 m. gana. Ui Néill uile ar chúl Choluim. 13 r.

75 . gana. Naonmhar naomh síol Chonaire. 6 r.

75 m. gana. A Mhancháin, táinig mochthráith. 27 r.

78 m. gana. Seanán feargach fuasnadhach. 62 r.

84 . " Do mholadh na Biaide." Geibhidh an mBiaid, maith an modh. 38 r. Roinnt mhaith ceartúchán ó l.d.

88 . gana. Táinig deiridh aimsire. 8 r.

89 . BEATHA BHRÉANAINN faoin teideal: " Ag so do bheatha et do bhás, d'imtheachtaibh et do miorbuillibh (sic leg.) Bhréanuinn naomhtha mic Fionnloga .i. Easbog Chiarraide." Tos. Beatus vir qui timet Deum; in mandatis eius etc. Is feachtnach ⁊ is fíréan finnbheathadhach, et is foirbhte an fear forsa mbí eagla et imomhan an Choimdig. Bearna (sa dán) lch 99m. -i. agus nóta ó A. Mac C. "Teasda cu[id] don laoidhs[i]" (=Lism. L. 3518-40). Stad. ro fás [grá]dh an Choimdidh iona chroidhe go dearmáir et badh háil leis a (f .c. thir) (=ib. 3559).

(b)

[Life of St. Senan etc.]. Tosach ar iarraigh, a lán den téacs caillte ó na lgh toisc iad a bheith an-chaite. An chéad l. iomlán anseo : return. Thou never comist hear, nor live to return. Foranna : " Of the Life that Saint Senan led after settleing himselfe att Innish Cathy." " Of Saint Senan's last will and testament " (lch 57). " An appendix to the life of St. Senans. Aparition after his change." Críoch : and published a proclamation [fo]r (?) abolishing the cost of Erich. Mirabilis Deus etc. (70m.) Síniú " Andrias Mac Cruitín," 68i. (síos suas) iná láimh féin (?).