ISOS logo
en

MS C 4

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

C 4

LEIGHEAS

17ú haois. Páipéar. c. 7" × 4". 10 nduilleog scáinte atá leasaithe le cabhair páipéir thrédhearcaigh. Bíodh, ná fuil leanúnach ar fad, de ls. Tá rian d'uimhriú duilleog (déanach ?)—8 (ar lch 11), 9 (13), 10 (15), 11 (17). Ní fios cé scríobh ach go bhfuil an pheannaireacht (agus an t-ábhar) cosúil léi siúd ag Pádraig O Siadhail i 23 K 42. Na duilleoga anois i bhfillteán bán agus " O Curry 4. Medical" scríofa lasmuigh air sin.

1 . Blodh de thráchtas ar Ghalair etc. ; téacs Laidine agus aistriúchán do gach alt. [?Febris est color innaturalis]. An tosach ar iarraidh, ag lean. ar aghaidh : Flegmatis est aqositas sangu[in]is : is ed is l. fola ann uisg[eam]lacht f[ola] d[uine]. Mar fo-ranna : Alopesia est casus capillorum sine ulceribus . . . ; is ed is alopesia ann titim fuilt (lch 6) ; Sicut scribit Galenusde Iurementis membrorum . ... Is ed is mur so sgribhus G. san 8 [ ] do sochur na mball (10m.). Squinantia guturis est . . . . ; is ed is sginia (?) ann (lch 12) ; Strangulatio cibi est motus compositus ex vertute. ... is ed is slugad bidh ann (lch 14). [H]epar est membrum primum et princibium in generatione . . . .: is íad na hae cead ball do hiondradh a ngionemain na lionn (lch 18. " Ihs Mariae " marg. sup.). Bearna idir lch 18 agus lch 19. Stad. 20i. le cur síos ar "Noli me tangere." (cf. RIA Cat. lch 1189.).

Nóta : Istigh leis na duilleoga seo tá scláta páipéir ; nóta i mBéarla ar a chúl; ar a aghaidh : In trúagh leat meise, a meic Taidhg. 2½r.