ISOS logo
en

MS C 37

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

3 B 6

CATH MAIGHE MUCRAIMHE

18ú haois. Páipéar. (a) 54 lch, 8" × 6" ; (b) 44 lch, 7.7" × 6"; (c) 4 lch, 7.7" × 6." Níl colafan ná dáta ar aon chuid den leabhar, ach is cinnte ón bpeannaireacht guarb é Aindrias Mac Cruitín a scríobh a bhfuil ann ; tá an t-ábhar céanna in (a) agus i (b), agus an dá chóip an-chosúil le chéile ; mura cóip de (b) é (a), is ón aon eiseamláir í; dealraíonn (a), ón bpeannaireacht, a bheith níos déanaí ná (b). Tá an t-iomlán deisithe, agus ceangailte, gó fíor shlachtmhar ar aon dul le C 25. " O'Curry 37 : 3 B 6 " in órlitreacha ar a chúl. Tugtar cuntas faoi leith ar gach cuid den leabhar anseo.

(a)

Lgh 1-[54], uimhrithe anois i bpeann luaidhe, na huimhreacha ar dheis amháin. Duilleoga ar iarraidh laistiar. Na lgh deisithe, agus gan ach fíorbheagán den téacs doléite ná caillte.

1 . CATH MAIGHE MUCHRUIMHE. Tos. Áirdrígh cródha cruithniamhdha, calma, ciaillbhreitheach róghabhasd[ar] áirdcheannus Éireann go bhfrasabhra .i. Art ollchosantach áirdghníomhach Éinfhir. Foroinn (49i): " Nualldhubhadh Oiliolla Óluim annso a ndhiaidh a Chloinne." Tos. Iomthusa giolla aistir ⁊ társalach slíghe Chéin Mhic Oiliolla Óluim, tar éis an chatha do chur. Stad. (c. 3 lch den téacs caillte) : ... tar bhruach cleath os coill mo bheit fá bhrón, gan tarbha gan tath ó thárla gan treoir ar sochladh. Tá giota páipéir le E. Ó Comhraí mar mharc anseo : " The following appears to be part of another copy of the Battle of Magh Mucruimhe, and no part of this preceeding copy. E. O'Curry December 19/60."

(b)

44 lch. Tá na lgh uimhrithe i gceart anois le peann luaidhe (ar dheis) ; tá duilleog caillte [13-14]. Tá na lgh ceangailte san ord éagórach seo leanas anois : 5-12, [ ], 15-44, 46, 45, 1-4. Gan a bheith iomlán laistiar ; rian fliucháin thall is abhus ; imill caite agus téacs caillte óna lán lch.

1 . CATH MAIGHE MUCRUIMHE. Tos. [Á]irdrígh cródha cruithniamhdha, calma, ciaillbhreitheach [ro] g[h] abhasdur áirdcheannus Éireann go bhfrasabhra .i. Art ollchosa[ntach] áirdghníomhach Éinfhir. Siniu (?) lch 11marg. dext. : " R . . . Long . . .". Foroinn (41i) : " Nualldhubhadh Oiliolla Óloim annso a ndhiaidh a Chloinne." Tos. : Iomthusa giolla aistir ⁊ társalach slighe [Chéin Mhic Oiliolla Óluim ], tar éis an chatha da chur. Stad. le líne deireanach dáin : mo chíos mo cháin / agus formhór an líne ina dhiaidh sin doiléir nó caillte. Duilleóg (?) le téacs caillte.

(c)

4 lch, dhá dhuilleog, fáin. Tá beagan téacsa caillte, go háirithe ó na himill íochtaracha. Tá anseo blodh de Eachtra Mhacaoimh an Iolair. Ar an gcéad lch leantar ar aghaidh l. 2 le laoi: [Mo mhall]acht ort a chineamhain I léir tógbhadh mé ó thosach (=ITS x 108. 267). Stad. le cuid den dán : Maith anocht mo chuthlath so / cuthladh mhná gan fear nuachair (cf. ib. 116. 112).