ISOS logo
en

MS C 110 (bindings)

MS C 110 (bindings)

MS C 110 (order of binding)

MS C 110 (correct order)

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

C 110

ÁBHAR LEIGHIS

15ú haois. Pár. 32 lch. Ní ls atá anseo ach bailiúchán de dhuilleoga páir. Táid faoi chlúdach teann dubh leathair. "MS" in órlitreacha lasmuigh air sin. Ar dhuilleog ceangail laistigh tá "O'Curry 110" buailte anois. Tá uimhriú i bpeann luaidhe ón gclárthóir ar na lgh. Tá lgh 1-18 i ngreim, cuid díobh ceangailte ar dtuathal etc. (cf. thíos). An scríbhneoireacht lgh 1-24 ina dhá colúin.

Lgh 1-14. 11.5" × 7.4." Eoin O Callannain a scríobh a bhformhór seo i Cill Breatain; dáta 15-5-1414. Tá malairt láimhe 3bm-i.; arís, 6am.-6bi., lámh níos úire. Tá an litir "d" mar chomhartha 7i. Tá barr lch i caite doiléir; lgh 3-4 ábhar pollta; lch 6, agus paistí ar lgh eile, beagán doiléir. Cúpla is ea lgh 11-14. Ó láimh E. UÍ Challannáin a lán den scríbhinn.

Lgh 15-18. 11.4" × 7.2." I bpeannaireacht níos mó, agus níos déanaí ná na lgh rompu. Paistí doiléire súigh thall is abhus.

Lgh 19-22. 10.3" × 7.5." Cúpla duilleog fillte go héagórach. Ón 16ú haois (?); iad ar bogadh.

Lgh 23-24. 10.8" × 7.6." A bhformhór seo doiléir, ach an dúch athnuaite 23ai. Ón 16ú haois (?). Ar bogadh.

Lgh 25-32. Dhá chúpla duilleog. 7.8" × 5.4." Peannaireach oilte ón 15ú-16ú haois. Ar bogadh.

[Do chuid de stair na nduilleog seo agus a mbaint le H 5. 27 cf. IER 1966, 127-128].

1 a (69) l. 21 (formhór l.1-20 doléite). Lean. ar aghaidh: cum radhairc ⁊ baladh cum boltanaighthi ⁊ blas cum blasacht agus cruas ⁊ buigi cum tadaill. Fo-ranna: "Quia impressionum quaedam sunt communes complexioni sapori sic quod non solum conveniunt . . ." (2b). "Quis a certitudine que per adores et colores haberi potest de vertute complexionatorum" (4bi). Stad. ⁊ a tolladh a ndoimne na mball mur. Dhá dhuilleog eile (lgh 15-18) ceangailte idir lch 4 agus lch 5. Ábhar eile ar lch 5.

5 a. Blodh de dheireadh tráchtas leighis, "Speclaire Arnaldi on mBaile Nua" .i. aistriú ar Specularium Arnaldi de Villa Nova. Lean. ar aghaidh: airdeannach in easlain do reir mar is e is foicse do. Colafan: "Do crichnaiged anois a Ros Oilitri, maille grasaibh Tigearna na tri muintir, Speclaire Arnalldi on Bhaile Nua do tarrang a Laidin a nGaodilg d'Eoin O Callannáin maille foirceadal a oidi fein .i. mhaighistir Phiaruis I Uallachain. Arna tinnsgain a Cill Breatain a mbeathaidh a ngalar ega Domhnaill Riabhaigh Mag Carrthaigh arna eg do crichnaiged a tarrang a sgribhadh in la roim Feil Brenainn in xiiii bliadhain ar cethraibh cedaibh ar mhile iar ngabhail Crist a colainn. A finid. Amen. A bhuidhi." (5bm.).

5 b i. Leigheasanna: "Riaghail Maighistir Guide in aigid in Guta." Tos. Is i so a chéad chomhairle, an beatha do bheith.

6 a m.- 6 b i. I bpeannaireacht níos déanaí; a fhormhór doiléir. Cursaí ginealach.

7 (d). Materia Medica. Tráchtas leighis, a thosach ar iarraidh, bearna ina lár, agus é gan críoch. Lean. ar aghaidh, [caib. I]: Co ngairfídís forínd ele anmanda eile do na gneithibh so na ngalar. Ní fuil a n-aigid an leagha gan examhlacht na n-anmann sin do bheith aige. Fo-theideal: (8bm.) "Causa morbi est omne illud ad morbos (?) . . ." Tos. As i seo an .II. caib. do na neithibh an aghaidh na n-udar (?) noch adeir gurb eadh is cuis don galar. Stad. na treoraigheann galar co follus maille ceachtar dona modaibh (8bi.).

9 - 10 . Tá an duilleog seo ceangailte ar dtuathal.

9 a. Leantar ar aghaidh ag cur síos ar Leigheasanna [Caib. II]. 9am. "Medicina . . . Aperitina (sic) est illa quae romovet..." Tos. As i seo in dara caipidil luaighis . . . noch adeir gurob eadh is leigheas osgailteach ann . . . Lean. "Mollificatina Medicina" . ..in t [r]eas caib . . . don leigheas bogthach . . .(9bm.). "[M]aturatina Medica" . . . an iiii caib. . . . don leigheas aibítheach (10a.). "Medicína Digestina . . ." (10am.). "Incisiva Medicina" (10b). "Attractína Medicina" (10bm.). "Medicína Mordicatina" (10bm.). "Rubificativa Medicina" (10bi.). Leantar den ábhar seo i H 5. 27. 7 ( cf. Gwynn Cat. lch 263).

11 a. Blodh de thráchtas féalteolaíochta. Lean. ar aghaidh: . . . Oir fiaidhidh (?)cach ni ca fuil ord chum neith beith 'na comurde ge do bheith rann dibh 'na cuis ⁊ araile 'na gnimh. Stad. isna righachtaibh te sin mur ataid Tir na Afri nGorm óir is tusga arrsaighes / (14bi.).

15 - 18 . Na lgh seo ceangailte bunoscionn idir lgh 4 agus 5, agus an duilleog 17-18 greamaithe ar dtuathal.

15 a. Blodh de thráchtas réalteolaíochta. Lean. ar aghaidh: sech(?) 'na corpib nemda. An .9. (?)ni o fuil truailliud na comachtan mar ata Venir a' gluasacht cum M ercuir agus an tan dogheibh. Stad.múr ata an dath 'na tsuibiacht ac an radarc ⁊ in fogur ag an eisteacht, is mar sin ata an grian 'na suibiacht ag an comachtin / (16b i.).

17 a. Blodh de thráchtas fealsúnachta. Formhór l. 1-2 doiléir. Ag lean. ar aghaidh: .i. Dia oir is . . . is in comachta aenda . . . airdreanach ⁊ in comachta annsa clochaibh ⁊ isna mitallaibh. Tá I7bm., 18am. sailithe. Stad. ar cinn gnima na comhachtan noch tra (?) d'foillighid na cuirp in ictrach (?) in / (18bi.).

19 - 22 . Cúpla duilleóg leo fein, agus iad fillte go héagórach. Blodh de thráchtas leighis ar ghalaraibh. Lean. ar aghaidh ag cur síos (19a) ar [De Debilitate Stomachi (cf. l. 7)] : tinnus . . . tic do reir paroixismuis .i. beg gas minntuis, ⁊ gas uormoint ⁊clobuis. Ansin (19b): "De Siti." "Fastidium" (20bm.). "Vomitus" (21b). "De Mala Complexionee na n-ae" (22bi.). Stad.: Is mo an sgailed continoidech fhuilngidh na hae na an craidhi air is uaisli an craidhi.

23 - 24 . Duilleog fáin. Rian fliucháin uirthi, agus a lán di doiléir. Réalteolaíocht agus oidis. Inléite ar 23m-i. tá teideal agus téacs: "Tempus autem vernale secundum intentionem astrologorum incipit a principio arietis et durat usque ad finem geminorum .i. do reir intinne na n-astrolaighi is ann tinnsgnus an t-errach ó tosach aries.

25 - 32 . Tá formhór lch 25 doiléir doléite. Tá rian fliucháin ar imill na lch go léir agus cuid den téacs doléite. Blodh de Smaointe B.Chr. atá inseo. Ar 25m. co racha a tarbha duibhsi ⁊ duinne ⁊ co (=Smaointe B.Chr. 162). Stad. do shuidheadur ainnséin ⁊ do shuidh an bhainntighear [na] ro-umal sin ag cosaibh / (=ib. 421).