Catalogue of Irish Manuscripts in NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, MAYNOOTH

B 8

DÁN DÍREACH : TADHG DALL
LEABHRÁN AN DUBHALTHIGH

18ú haois. Páipéar. 12.4" x 8." 265 lch ríofa agus uimhrithe go cóir, agus 4 dhuilleog gan áireamh chun tosaigh. Bhí ó lch 100 amach ríofa leis féin ar dtús, ach cealaíodh an ríomh sin agus ríomhadh an ls go leanúnach ón tosach. Ón scríobhaí féin an dá ríomhadh b'fhéidir. Tá cuid de na lgh rialaithe le dúch. Héinrí Ó Carraic (" nó Mac Carrtha ") a scríobh an ls uile ach an méid a bhreac úinéir ar an gcéad lch agus ar lgh 1, 3. Bhí an scríobhaí i gcónaí in amhras i dtaobh conas a ainm a litriú. Bhí sé ag breacadh na lse seo ó 1701 (cf. lch 5, 33i. etc.) go 1708 (cf. 99m.) ; i Sligeach a bhí staidéar air (cf. lch 101). Cóip de " Chuimre " An Dubhaltaigh Mhic Fhir Bhisigh, an chóip is sine ar fáil anois (cf. Irish Book Lover xxiv 38-9) atá 0 lgh 101-244 ; níl sí iomlán. Ó 1704 amach (go 1706 cf lch 234) a scríobhadh an chuid seo (cf. lgh 5, 101). Luaitear duanaire mar fhoinse dáin, lch 33i. Bhí an ls i seilbh Thomas 0 Henegan i Sligeach, i 1765 (cf. an chéad lch, lch 1) agus bhreac sé beagán inti. Bhain sí Coláiste Thír an Iúir amach níos déanaí. Tá litir greamaithe den chéad lch. Lasmuigh uirthi sin tá :

"Catholic University Manuscript 1876." Laistigh : "Terenure College, May 28th 1876. Dear Dr. Casey, I have much pleasure in giving you this manuscript to be placed in the Library of the Catholic University of Ireland, Yours very truly, A. Farrington, O.C.C."

Tháinig sí le lsí Uí Chomhraí go Má Nuad.

Tá sí ceangailte to tútach i bpár bán atá teanntaithe laistigh le leathar. Tá scríbhneoireacht Bhéarla (dholéite) ar chuid den phár laistiar, cuid de clúdaithe. Tá " Ls B 8 " curtha ar an taobh istigh den chlúdach ag an gcláradóir. Ar an gcéad lch tá : " Thomas O Henegan, his book written Anno Domini 1765, being an Irish Abridgement of the Chronicle of the Miletian Race of Ireland and Scotland etc. with several poems or Dáns etc." Tá lgh eile gan uimhriú, bán.

1. Aiste ghairid ar shloinnte Gael. Tos. Tuig a leughthóir gurab lé linn Bhriain Bhoroimhe Mhic Cinnéidigh tugadh sloinnte go coitchionn ar Eirionnchaibh. Le nóta ina dhiaidh : " Ráithe Thaidhg Ui Roduighe sin."

1m. Síniú an úinéara : " Ag so leabar Thomáis O Héinicáne a Sligeach 1765."

2. Bán.

3. gana. Truagh, sin a leabhrain bhig bhain. 1 r. Síniú lena chliathán sin : " Héinrí Ó Carraic, aois Chríost 1702." Lean. : " Goll Mac Morna " : O ghein Chríost airiomh ait. 1 r. Spás bán faoi sin agus lean. :

" Bíodh tar mo dheirc sruthan sís ; ucán gan mo bhreith don bhás ; is mé an crann do chuir a chnúas ; mo bharr suas ní bhfuil ag fas." 3m. gana. Tuirseach sin, a mhacaoimh mná. 6 r. as Dánta Gr. 11, + 1 v., A speir gasda an deid chailce, 's a guib caoin cheóil. Síniú " Éinrigh Mac Carrac " ar an imeall. 3i. gana. Lughaidh Tadhg agus Torna. 1 r.

3. Marg, inf., i bpeannaireacht T. Uí H. gana. Beangan do Chloinn Rughraighe reidh. 1 r.

4. Bán.

5. Nótaí etc. "... Éinrígh Mac Cartha (" mac Cartha " del. " ó " suprascr.) fear an leabhuir se . . . 1700/1. Éinrí . . . . Ó Chorraic ro sgriobh beannacht ar anam na marbh etc." Feidhlim O Headhra : Fadogh seirce fearg an ghráidh. 1 r. " Ag so leabhur Éinrí Uí Charraic (nó Mhic Carrtha, suprascr.) do shliocht Chonaill Creamhthainne .... do réir Leabuir Leachain . . . ." Nóta leis " An Dubhaltach Mac F. Bh. Leacháin " : "I Ráith Maoilcatha i cCaislén Concabhair Bail Ui Dubhda .... atáid náoi soiléir . . . ." Lean. 5m. teideal: " Cuimre Cráobhs[g]aoileadh Chíneadh Éireann accus Albanscot .... gus anos 1704, 1705."

5m.-6. Bán.

7. gana. O ghein Chriost airiomh ait. 1 r. (cf. lch 3). Tri fichid bliadhain is bliadhain. 1 r. Nótaí, i bprós agus i ndán (a bhformhór ó shaothar An Dubhaltaigh) : " Do Ghearalta-chaibh " ; Brian mac Eacaidh Muighmeadhoin. 1 r. Duach Ghalach fial forglidhe. 1 r. " Díograis rioghfhremhe . . . ." Mac Maghnusa meardhá ón loch. 2 r., le gluaiseanna ; " Succat ainm baisdid Phadraig . . . ." : Sucaid a ainm baiste ar mbúaidh. 1 r. Nóta : " Seacht ngradha ollamhnacht .i. ollamh anradh, clí, .... amhul ataid seacht ngraidh eagalsa . . . .".

7i. gana. In domhun ó thuinn go thuinn (no tracht suprascr.). 2 r. ar Ó Ruairc.

7. Marg. inf. Nempe Scotis fatum (res mira) ubicunque locatum / Inveniunt lapidem regnare tenentur ibidem.

8. gana. 0 Flannagáin na faghla [" fo " ar " fa " ?]. 3 r. An chuid eile den lch bán.

9. Geinealaigh tofa as Leabhar An Dubhaltaigh. " Conall Cremhthainne mic Nell Naoighiallaigh." Tos. Conall earr Breagh (dna) a she mac .i. Fearghus, Cirrbhel, Cearnach. Bhain " Uí Charraic" leis an sliocht seo (cf. 1. 8). Lean. " Genelach Cenél .... Colmáin " ; " Gnl. Í Maoileachlainn"; " Gnl. Ui Cheallaigh Breagh " (lch 10) ; " Gnl. lucht Chriche na Cédoch." Luann an scríobhaí a fhoinse : " A leabhur An Dubhaltaigh Óig Mic Fhir Bhisig Leachain fuaras an craobhsgaoileadh léathánach 161 etc. Aois Chríost 1702 " (10cm.).

11-12. Bán.

13. Tadhg Dall Ó Huiginn. Mairg fhéacus ar Inis Ceithlionn. 39 r.

15m. idem. Parthus Fódla Fir Mhanach. 51 r.

19m. idem. Iomdha sochar ag Siol Néill. 50 r.

22. Feargal Óg Mac An Bhaird. Maith do suidhigeadh Siol Néill. 57 r. Fágadh lch 24 bán ach an nóta : " tá an chuid eile do dhánsa amuich (mur nach raibh an paipeir go maith), an taobhsa thall " " ceol etc." (f.c.) 24i.

26i. Rob soraidh an séd sa. 3 r. Lean. " Séd Cholluim Chille ag dul go hAlbain do gach neach aderadh é ag dul a cceann aisdir no séda do budh sáor dho ar armaibh a namhad ar bhathadh etc." " Finis mur fúarus."

27. gana. Mairg úaisligheas an eigsi. 36 r.

29. gana. Maith bhur bhfíor gcatha, a chlann Róigh. 36 r.

33. Aodh Ollbharr Ó Cárrtaidh ".i. ollamh Cruachan." Atá sunn (os cionn " sonn ") sochar an ríogh. 17 r. Nóta faoi: "A ndúanaire Mhic Diarmada na Cairge fuaras an dán sa anno Christi 1702."

34. Aongus mhac Cearbhaill Bhuidhe. Tomhas múir Cruachna a gC[l]uain Fraoich. 34 r.

36. Aongus Ruadh Ó Dálaigh. An tú arís, a Ráith Teamhrach ? 52 r.

39. Tadhg Dáll O Huiginn. An áil libh seanchus Sil gCéin. 83 r. " Do Chormac mac Céin mac Oilill .i. d'Ó Eadra Buidhe."

44m. Tadhg Dall. Maighean dioghla Druim Laighean. 44 r.

47. idem. Tánag adhaidh go hEas Caoilte. 44 r., le r. 3 ar imeall lgh 47 agus r. 32 ag 48i.

49m. Conchubur Mac Conmidhe. Iomdha urraim ag Ultaigh. 36 r.

51i. Tadhg Dall. Dénam cundas, a Chathail. 36 r.

53i. " Tabhair beanocht air anom an tí ro sgríobh .i. Éinrí Ó Carraic," " no Mac Carrtha " (dúch níos éadroime).

54. Bán.

55. "Mac Fhir Bisigh Leacain." Iomdha gabhlán do Chloinn Chuinn. 222 r. (ríomhadh anseo agus ansiúd, agus 223 ar an r. deireanach).

69. "Seaan O Dubhagan (ge aderid aroile) Giolla Iosa Mac Fhir Bhisigh . . . ." Triallam timcheall na Fódhla. 145 r. (Stad. Top. Poems 2 858). " Finis mur fúaras." Fotheideal 76m.

77m. Seaan Ó Cléirigh " mac An Chosnaoí " (níos déanaí) Eisdigh a éigse Banba / tabhraidh dhuinn úain agallmha. 65 r.

82. Eochaidh O Heóghusa. Roinn leithe ar anbhúain Eireann. 54 r.

85m. Gofraigh Fionn. A chláirseach Chnuic Í Chosgruigh. 22 r.

87. gana. Álainn cláochlodh na Cairrge. 37 r.

89. Feargal Óg Mac An Bhaird. Mairg am deaghaidh cheanglus comann. Crosántacht, i ndán agus i bprós, do Uilliam Burc.

93. Eochaidh Ó Heoghusa. Díol tnúith Inis Eóghain. 54 r. Formhór lch 96 bán ina dhiaidh seo.

97. " Oráid chum an Leightheóra et Díonbhrollach na hOibre so." Tos. Ba gnaithbhésa do na ríghthibh et d'uachtaranuibh na bpuibleacha ar cheana ar feadh an domhuin (=Éigse Suadh is Seanchaidh 36-39). Dealraíonn sé gurbh é Seán Ó Gadhra a chum an dréacht so ag cur síos ar " Henridh Mhac Carrtha," " ceannuighe a n-iomad gnodhuighe," agus ar an saothar graifneoireachta seo a éirigh leis " do chriochnugha .... 1708." Críoch.....go saoluighe Dia isna grasaibh é féin et a churum amhuil athchuingheas a caraid ionmhuin Séan Ó Gadhra. É seo uile i bpeannaireacht Heinrídh. 100. Bán.

10l. CUIMRE CRAOBHSGAOILEADH CHINEADH ÉREANN ACCUS ALBANSCOT " gona bprímhghéaguibh genealach ó Adhamh gus anois 1666 tionóiltear a leabhraibh Chloinne Fhir Bhisigh (is go hairidhe as an leabhar do sgriobhsam fén go foirleathan ...)... 1666." Cf. RIA Cat. lch 1851. Cuireann an scríobhaí nóta uaidh féin le céad pharagraf An Dubhaltaigh, " et arna sgriobhadh liomsa Henri mac Murchaidh mic Murchaidh mic An Giolla Dhuibh mic Henri mic Carrach (nó Carrtha suprascr.) as an chóip chéadna a Sligioch Anno Christi 1705 "; é seo i spás a fágadh bán ar dtús, agus i ndúch difreach lena bhfuil ina thimpeall. Cf Éigse Suadh is Seanchais 34-35, 76 don Tideal agus don Bhrollach uile mar atá anseo. I seo an chóip is sine den " chuimre " (cf Irish Book Lover xxiv 38-9).

102. Tos. an CHUIMRE : Athar Adhamh, caoga mac is cáoga inghean leis amhuil asbert : Cáoga mac ag Adhamh án. Tá mionliosta ábhair an tsaothair seo, de réir RIA 24 N 2 le fáil RIA Cat. lgh 1852-'7. Seo gearrliosta dá phríomhranna, agus roinnt nótaí atá i ngreim sa téacs, cuid díobh ón scríobhaí seo againn. " Fir Bolg " (lch 104) ; " Tuatha De Danann " (lch 115, leath lch, ach é iomlán) ; " Geodhel " (115m.) ; " Gaoidhil .i. Mec Milidh," " Síol Éreamhoin " (118m.). Ag cur síos ar " Shíol Concabhair " (125m.) léimíd : " Briain Luighneach .... athair Taidhg (do básaiged ag Buill anno 1653) athair Mhartain mhaireas anois 1666 agus anois 1705" ; agus ar " Chlann Mhaoilruanaidh " "Ruaidhrigh . . . .a[thair] Toirdelbhaigh Cathail Ruaidh mhaireas aniu 1666, athair Bhriain accus Aodha mhaireas anois 1705 " (126m.). "Síol Néll " (lch 133) ; " Airghialla " (144m.) ; " Dál Ríada " (151m.); "Dál Fíatach" (160m.). Colafan páirteach: " Oráid don Dubhaltach mac Ghiolla Iosa Mhóir " etc. (cf. RIA Cat. lch 1853i.) .... " Fóir a Dhé, agus arna aith-sgiiobha (ceartaithe ó " -bhtha ") liomsa Éinrí Mac Carrac (nó Carrtha suprascr.) as leabhuran An Dubaltaigh Óig Mhic Fir Bhisigh a Sligioch anno Christi 1705 " (166m.). Lean. " Laigin " ; ' Siol Ír " (lch 184) ; " Síol Ebhir " (lch 207) ; " Ioth Mac Breogain" (225i.), " Lochlandaigh " (230i) ; " Sean-Ghaill Eireann " (lch 234), " ataid ag teacht ar druim aroile o shin gus aniu 1706." Stad. : " Clann Fheoruis Clair Chairbhre " : Eadbard Mac Fheoruis ón Carraig mac Bháiter mac Seáain (=24 N 2, 398m.). Tá 10 1. fágtha bán ina dhiaidh seo (244i.).

245. Giolla Caomáin. A eolcha Eirionn áirde. 48 r. Lean. nóta : " 1072 bliadhain d'eug Diarmaid Mhaoil na mBó is a n-aimsear Dhiarmaid sin do bhí Giolla Caomháin ann do chum in duain sin " (247i.).

248. Maoilín Óg Mac Bruaideaghdha. Cuirfeat cumaoín ar Chloinn Táil. 97 r.

253. gana. 0 Cheis Chorainn na ccráobh nglan. 12 r. " as an dúain darbh tosach : Atá sunn Rulla na Ríogh " (as a eireaball).

254m. gana. Cairbre, Eoghan, Eunna éimh. 11 r.

255. Giolla Modhúda. Éire ogh, inis na náomh. 90 r. Le cúpla nóta i Laidin ón scríobhaí: " 136 reges ante fidem," " 48 a Legaire ad Malaquiam" (marg. dext. r. 2, r. 4, agus ag tagairt dóibh).

259i. " 594 ó thús flaitheas Laoghaire go n-uig an bhliadhain dheighionach Maoileachlainn mac Domhnaill. Pro 594 habet 606—regum annos Cod. Lecan."

260-265. Bán.