ISOS logo
en

MS IL 3

Caithréime Mhuire

19ú haois. 7.5" × 4.6". 60 + 213 lch, le lgh bhána cheangail i dtosach agus ag deireadh agus le lgh bhána idir dhá chuid an leabhair, agus arís dhá lch bhána idir lgh 57 agus 58. Níl ainm scríbhneora ná log luaite, ach is léir on bpeannaireacht (agus ón ábhar) gurb é Tomás Ó hIcí a d'aistrigh ón mBéarla agus a scríobh, i bPort Láirge, agus tá an dáta: 'Márta 31, 1846' ag 84i. (Cf. CE 7(a), atá beagán difiriúil). An Is seo ceangailte go slachtmhar teann faoi leathar donn. Stampa: 'Arch. Prov. Hib. S.J.' ar lch ceangail chun tosaigh.

1 . 'Inchéimniughadh', 'iona ffuilid na casaoide eugsamhla do rineadh an aghaidh Caithréime Mhuire breugnuighthe le hathstiúradh go hOibreachaibh N. Alphonsus.'

55 . 'Forfhogra don Leughthoir.'

57 . 'Tulrádh an Ughdair', a chríoch. le: 'Urnaigh chum na hÓighe Beanuighthe d'iarraidh deagh-bhás' (60i.).

1 . GLÓIREADHA NÓ CAITHRÉIME MHUIRE, 'An chéud rann; Friotal ar an Salve Regína . . . Caibidil 1 Go mbeannuighthear dhuit, a rioghain naomhtha . . .' Tos. Ionnsa ffógra dobheir N. Alphonsus ttosach na hoibre seo foillsigheann sé an chiall ionar maith leis a ttuigfidhe a theagasc. Tar éis 10 gcaibidil tugtar sraith urnaithe, agus á ndúnadh tá 'Urnaigh Uilliam Easbag na Paríse' a chríoch. go ngluaisidh do mhórthrócaire noch is treise ioná m pheacaidhe-si tu chum conganta a thabhairt dom. Amen. (213i.). Ag bun an lgh tá liosta de nodanna.