ISOS logo
en

MS IL 2

Eochairsciath an Aifrinn

19ú haois. 8" × 9.9". 217 lch uimhrithe 1-215, ach 88-9 faoi dhó agus lch bán tar éis 115 fágtha gan uimhir; an príomhscríobhaí a d'uimhrigh go 203, agus Éamonn Ó Sealbhaidh as sin amach. Dhá dhuilleog cheangail chun tosaigh agus cuid de cheann (bán) laistiar. An tAthair Siomón Breathnach a scríobh in 1817 (cf. lch 1); tugann sé Tullachair mar log agus 'mí deire Samhradh' mar dháta níos cruinne ag 185i. Bhreac Eamonn Ó Sealbaidh ar lgh 199, 204, 212, agus ar an taobh istigh de na clúdaigh, níos déanaí. Tá stampa úinéara (?) 'William J. Onahan Chicago' ar an gclúdach tosaigh laistigh. Ansiúd leis agus ar na duilleoga ceangail tá nótaí mínithe ar na focail 'Talmud', 'Hellenists'; nóta ar 'Protesting Catholic Dissenters'; agus ráitis Laidine ó Hórás, Tertullian, agus eile. Tá comhartha seilbhe breactha ar an gcéad duilleog cheangail : 'Arch. Prov. Hib.' agus teideal na haiste 'A dhuine cuimhnigh air do chriocha deighionach.' Laistigh ar an gclúdach thiar tá: 'Mangaire S. chúm S. Ó Tuama.' Is lom an t-ionad san grinnoll na mbagh míne. 1 v. Tá an ls seo ceangailte i gcairtchlár glas le cúl leathair, ach go bhfuil an clúdach ar bogadh anois.

1 . Lch teidil. 'EOCHAIRSGIATH AN AITHFRINN ann a suightear ann aighe na nEiriceach Luther, agus Calvin . . . le Seathrun Céitinn Dochtúir Diadhachta, Ughdar Sheanchais na hÉirionn . . . aithsgríobhtha 1817 d'aois an Tighearna le Síomon Breathnach'. A chúl seo bán.

3 . 'An Clár-Eóluis.'

4 m. gana. Aon Dia amháin ata gan mearughadh againn. 6 v.

5 . Tos. 'An Réimhthionsgnadh': Is ann aimsir dithchreidimh agus aindlíghe Chailbhin chollaidhe agus Liútair loit-bheartach. Tugtar insint eile de chríoch na coda seo ar lch 186: 'I have found the following fragment in another manuscript' a deir sé 'and this forms the conclusion of it' (.i. 'Introduction'). Ainm an Chéitinnigh sa dá áit. Lean. 'An Cheúd Chaibidil' (lch 27). Crioch. 'An 19 Caib.':Feudthar a léughadh ag Navar, no ag na húghdaraibh oile, do thráchtas air na cásaibh coguais. 'Finit.' Colafan: 'Ag so macleabhar rotharraing Síomón Breathnach go díleas as sean-leabhar láimhsgríobhtha dárab áinm Eochairsgiath an Aithfrinn, ar na sgríobh go bunnudhasach le Seathrún Céiting Dochtúir Diachta (ceartú diadhachta) ughdair Sheanchais na hEirionn agus iliomad de thrachtaibh oile etc. Tullachair, mí deire Samhradh; an bhliaghain . . . 1817' (lch 185). Tá roinnt ceartúchán agus gluaiseanna thall is abhus ó l.d. Tá maisiúcháin ag tús agus ag deireadh roinnt chaibidil, ó pheann slachtmhar an Bhreatnaigh. Nótaí eile: 'W.Rourke'(i bpeann luaidhe; 89b marg. inf.); 'Símeon Breatnach' (96i.); 'Spiorad Naomh; Oide na Naomh'; 'Rósa Pharrthais Bhláithchúbhartha': High on a rock with elevated mind. 1. v. 'Reverend Simon Walsh' (115i. in ornáid); cros mar ornáid agus na suáilcí breactha ar a géaga (153i.); 'Reverend Simon Walsh' (175m.).

187 . Bán.

188 . 'The Elements or Rudiments of the Irish Language.' Tos. 'The Modern Irish Alphabet' (tar éis tábla ilteangach): A perfect alphabet of the Irish language, and, indeed, of every other language. Táblaí na bhfuaimeanna is mó atá anseo. Críoch. when he is told that they invariably retain that sound he can never be led into error. Slán leat (197m.).

197 i. gana. Is milis an teanga an Ghaoidheilge. 2 v.

198 . gana. Creidiomh Dé na fuadhaigh is na séun. 1 v. Lean. 'Beir mo bheannacht don fhear ghradhac / Beannacht Dé leat, a leabhráin.' Tá crois mhór ornáideach sa chuid eile den lch le hainmneacha na suáilcí uirthi agus 'Síomon Breathnach' ar a dhá taobh.

199 . 'Críoch deighionach an Duine . . . chum a sároirbhidneach, na ffíoroirbhidneach agus na n-óirbhidneach, na n-árdeasbog . . . an dán diagha . . . air na tiomana go sármhodhamhuil leis an leasaightheoir Eamon Ó Sealbaidh.' An té a shínigh é sin, bhreac sé an méid sin ar an lch seo a bhí fágtha bán roimhe.

200 . 'Cheithre Críocha Déighionacha an Duine.' Tos. A dhuine cuimhnigh ar do chríochaibh déighionach. 55 v. ina dhá cholún 'Crioch' (203i.).

204 . Bonaventura Ó hEóghsa. Truagh liom a chompáin do chor. 3 r., an chuid eile den lch bán ina dhiaidh sin. 'Dá charaid ionmhain do thuit le n-ainmhianaibh. Taken from a book printed in Rome An. 1707.'

205 - 11 . Bán ach nótaí i mBéarla faoi chúrsaí troscaidh (lch 206), agus faoin Ofráil san Aifrinn (lch 207), agus cúpla v. on mBíobla (lch 211).

212 . 'S. Failteach chum S. Clarach'. Aithris do Sheadhan gheal Clárach ubharghruagach. 1 v. 'S. C. Freagra'. A fhille agus a fhaig chaig agus a chrúdh uasal.

212 m. Agallamh: 'Mangaire le S. Ó Tuama': Is cochlach glas an sgeach seo a ttún do thigh. 4 1.

213 - 214 . Bán.

215 . 'Epigram on the Capuchins': En tunicam fiuxam nodosa Ca . . .a cingit. 1 v. 'Gach lion da ttigan ag dul a mionacht 's a mbreagidhacht' le haistriú.

AGUISÍN

Istigh idir na lgh tá dhá dhuilleog, gan ainm scríobhaí ná dáta, ach 1816 sa mharc uisce; greamaithe díobh tá duilleog fáin, giota de litir. Ar an gcéad d.: Cormac mac Cuilionnáin. Mithid theacht tar mo thiomna. 20 r. ina dhá cholún. 'An lá iar mbáis'. Lean. 'Iongna Mór': Tos.Cormac mac Cuillinnáin is é thug leis an fearnog go hlnis Celtridh. Críoch.cuid do na clochaibh da chosaibh bheith lán do bhallsgriosduibh dubha. Conall Mac Geochagain a uctar. (d. 2r °m.). Na duilleoga seo bán as sin amach.

Ar an duilleog de litir tá: Achasáin mo dianghrádh agus mo charaid tú féin. 3 1. Ó phinn eile: 'High-Holborn-Scarborough ---Margate celebrated watering place.' '1824 May 4; I arrived in London May 7th 1824.' Ainm agus seoladh ar a cúl: 'M. Kissane Esq., 139 Great Britain St., Dublin.'