ISOS logo
en

MS IL 1

Foras Feasa: An Leabhar Muimhneach 'Annála Inis Faithleann'

18ú haois. 13.1" × 8", ach cuid de na duilleoga beagán níos lú ná sin. Lámhscríbhinn mhór í seo a cuireadh le chéile de réir a chéile. Is fusa líon na lch a dhéanamh amach de réir na gcodanna: (a) Bhí 340 + lch anseo ar dtús; dealraíonn sé go ndearnadh dearmad laghd- aithe d'aon san uimhriú ar dhuilleoga atá caillte anois. Tá 10 lch agus Igh eile tar éis 339i. caillte. Tá duilleoga sractha freisin (cf. infra); (b)32 lch, gan ach 1-18 uimhrithe agus stráice caillte ó bhun lgh 1-6; (c) 60 lch, uimhrithe 1-57, agus na trí lgh eile gan uimhriú agus le léamh aniar; (d) 4 lch ceangailte 2-1-4-3, agus 4 dhuilleog; leath d.4 sractha chun siúil; (e) Tá dhá uimhriú ar chuid de na lgh anseo; leantar uimhriú a thosaíonn le 3 (lgh 1-2 caillte); téann seo 3-105, ach tá lgh 3-4 ceangailte ar dtuathal; tá '6' faoi dhó; tá lgh 32-35 caillte; tá lgh 68-9, 102-3 sractha, agus cúpla lch bán (cf. infra), (f) 18 lch, áirithe go haibítreach, ach ceann idir D agus E fágtha gan áireamh.

Micheál Ó Longáin/ Michael Long a scríobh an t-iomlán, ach nithe fánacha thall is abhus (cf. (a) 335m.; (b) 18m.). Tugann sé dáta 8-12- 1759 ag 18m. Is dócha go raibh H. I. 18 (i Leabharlann Choláiste na Tríonóide) mar fhoinse aige do chuid den ábhar. Tá liosta leabhar ag (c) 60-59-58 ó láimh eile, lámh an Easpaig Seán Ó Briain, pátrún an leabhair, is é is dóichí; d'fhágfadh sin gurb é clár a leabharlainne atá anseo. Tá breacaireacht ó lámha difiriúla thall is abhus. Tá dáta'1781' le síniú 'Cornelius O'Brien' ar (f) Q m. Tá síniú: 'Cormac O Fithcheallaigh', úinéir is dócha, ar (a)3i. agus (b) 17i.; tá cuid de na ceartúcháin etc. ina pheannaireacht.

Tá an Is seo ceangailte go slachtmhar i maothleabhar dearg. Comhartha na dTrí gCoinneal a cheangail is clos dom. Tá duilleoga ceangail chun tosaigh agus laistiar. Tá an seanchlúdach leathair a bhí ar an Is greamaithe laistigh den chlúdach nua. Tá armas greanta air sin chun tosaigh, agus nóta le peann luaidhe os a chionn: 'Original binding. Episcopal arms of John O'Brien Bishop of Cloyne and Ross 1748-67'. Ó nádúr an ábhair, is furas a mheas gur don easpag seo go háirithe a scríobh Micheál Mac Pheadair Uí Longáin an Is seo. Tá ainm an easpaig go tútach ar (f) lch R.

(a)

3. Lean, an [Díonbhrollach] de FHORAS FEASA AIR ÉIRINN ar aghaidh, an tosach ar iarraidh: Léightior ag Samuel Daniel go rabhadar cheithre dúnphoirt ag Rómhanachaibh ré hucht na Scot (= Keat. i 8.1). Críoch. bhur mbocht charaid bithdhílis go bás, Seádfhrúinn Kéitinn, Sagart agus D.D. (25m.).

25 m. Teideal: 'Ag so do Sheanachas Éirionn agus do gach ainim dár tugach uirthe, agus do gach roinn dá ndeárnadh uirthe ... an méid do fuairis re faisnéis díobh, Anno Domini 1638 . . Tos. 'An Chéad Leabhar': Air ttúis cuirfeam síos annso gach ainm dá raibh air Éirinn riamh. An chéad ainim tugach uirthe .i. Innis na bhFíodhbhadh. Tos. 'An Dara Leabhar' le teideal: 'Díonbhroll- ach Fhorais Feasa Éirionn. Ag so síos do ríogaibh Éirionn agus dá ndálaibh d'éis creidimh, agus dá hanálaibh go tíoghacht Gall (ceartaithe ó 'Phádruig') innte . . (193m.). Críoch.iomad do shleachtaibh uaisle oile SeanGall táinigh ó thaoiseachaibh ná luagfam annso (316i.). Lean. 'Do Ghabhlúghadh Chloinne Míleadh' (lch 317). Críoch. Ó Floinn Árda, Ó Báire agus Ó Cúirninn, agus Mac Aillin na hAlaban .i. Duke of Argile. Colafan: 'Finis, finitur, finem finire fatemur. Mícheál Ó Longáin, scripsit' (334m.). Lean. 'Craobha Cómhfhlathais na nArdaithreach agus na bPapadha agus Ríogh Éirionn . . .' Stad. ag 670 A.D. ([339]i.). Tá bearnaí sa téacs toisc lgh 11-14, 228-232 (6 lch dáiríre), a bheith ar iarraidh; lgh 65-6, 279-80 a bheith sractha. Tá beagán gluaiseanna agus ceartúchán ó l.d. Síniú: 'Cormac O Fithchiollaigh' 3i.

(b)

1. 'Bloidh do Sheanchas Síol mBriain.' Tos. Bliaghan theasda do dhá chéad agus chúig mhíle ó chruthúghadh an dómhain go teacht Phádraig do sheanmóir an chreidimh. Geinealaigh mar fhoranna. Críoch. 'Sliocht Taídhg Coirrfhiaclaigh a gCuanachaibh': Domhnall mac Seághain Duibh . . . aon mhac leis .i. Mathghamh- ainn, gona iad soin sliocht Taídhg Choírrfhiaclaigh go nuige seo (17i.). Tá téacs caillte toisc íochtar lch 1-6 a bheith sractha chun siúil. Tá breiseanna ó 1.d. ar 8i.: 'Geinellach Murcha Mac Domnail fuair bás a nGleann an Rudaire san mbliagan 1757, agus d'fhág mac .i. Domnal ata beo anois . . .'. 'According to Curtain ye genealogy of Dermod Breac of Corbally should be thus: Domnal mac Murcha . . Tá ceartúcháin ó 1.d. ar lch 9; agus síniú: 'Cormac Ó Fithchiollaigh' ar 17i.

18. Nóta faoi fhoinse etc. an ábhair: 'I the undernamed do hereby certify that the preceding genealogical accounts ... as well as the following ancient poems ... as also the Reim Riogra . . . beginning below at page 60 have been faithfully and exactly copied by me from very ancient manuscripts . . . such as . . . Irish Cluinne Ui Mulconnery and the Leabhar Breac or Speckled Book . . .' Leanann air ag dearbhú sinsireachta Brianach áirithe: 'given under my hand this eight day of December, in the year of Our Lord 1759. Michael Long an Seanchaidhe.' Faoi sin, ó láimh eile: 'Hoc credendum tam authentico teste traditur' (18m.).

[19]. Eoghan Mheic Craith. Tug dham h'aire, a hlnnse an Laoidh. 71 r. 'Dán Caithréimeach ... do chuímhníughadh uaisleacht agus athardhacht sleachta Síol mBriain .i. Riogra Tuamhumhan.'

[23]. Maolín Óg Mac Bruaideadha. Cuirfead comaoin ar Chloinn Táil. 101 r.

[28]. 'Flann Mhic Lonáin Ardollamh na hÉireann do mhair san mbliaghain d'aois Chríost naoi ccead agus chúig bhliadhna air .i. a bhflathais Floinn Sionna mhic Maoilsheachluinn air Eirinn agus Lorcáin mic Lachtna mic Cuirc mic Annluain a bflathas Muman.' Lorcán Locha Deargdhearc (ceartaithe ó -t).20 r.

[29] m. 'Himinn Phádraigh.' Geanar Patraic i Neimtur. 34 r.

[31]. 'Hymnus S. Patricii.' Natus est Patricius Nemturii. 34 r. 'Finis.' ([32]m.).

(c)

1. ['ANNÁLA INSE FAITHLEANN'] ag lean, ar aghaidh: taobh, a leaptha agus adubhairt, do theith sé mar gheilt do bhéic sé mar bhoc do bhra[im sé[m]ar ghearán agus lena rádh sin do d'ionnsaig Cormac. (Don tosach féach (f) A). Críoch. faoin dáta 1318 A.D. Aodh Buídhe mac Bhriain Bhailligh ... do dhol ruaig air mac Aonghusa agus a dhís mhac do thuitim leis(57i.).

[60 - 59 - 58]. Liostaí leabhar ó láimh eile, an dúch níos feoite. Leabhair eaglasta dlí agus teagaisc atá anseo agus a bhformhór i Laidin; cuid díobh i bhFraincis agus i mBéarla. Fotheidil: 'A List of Books in folio,' ina mease: 'Cypriani Opera I,' 'Pontificale Romanum I.' 'A List of Books in Large Quartos' ina measc: 'Eusebii Cronícon I,' 'Hybernia Dominicana Bourke I'; 'Small Quartos,' ina measc: 'Theologia Moralis 8,' 'Hystoire des Juifes 6.' 'Books in the Small Library [on] Lower Shelf', ina measc: 'A review of the Controversy Concerning Miracles I', 'Ireland's Case Briefly Stated, 2 books.'

(d)

1 (ceangailte 2-1). Geinealaigh. Foranna: 'Geineallach Taidhg Glae.' 'Craobhsgaoile Sleachta Taídhg Glae.' 'Geinneallach an Athair chSeághain Uí Bhriain' (2m.).

4 - 3. Blodh annálach. Tos. 976 Kl- Donnchadh mac Ceallaigh rí Osraighe mortuiis est. Stad. faoi 996 A.D. Giolla Pádraig mac Donnchadh rí Osraighe do mharbhadh do Dhonamhán mac Íomhair agus do Dhomhnall mac Faoláin rí na nDéise.

lr°. 'Ag so blodh beag do Chraobhsgaoile Seanchais an Dáil cCais airna haithsgríobhadh as an seinleabhar seanchais dá ngoirthior an Leabhar Breac Mheic Aodhgáin, do céidsgríobhadh re tuile agus trí chéad bliaghain sul do sgríbh Dochtúir Keitinn stair na hEirionn do réir a admhála féin.' Tos. Cinneide mac Lorcáin mic Lachtna ... do bhíodar 12.mac ag Cinnéide. Stad. Fá hí Ráith Raithleann dúnphort cómhnuighthe Maolmuadh mhic Broin agus Chéin mhic Maolmuadh .i. cliamhuinn Bhriain Bhóirmhe (2x°i.). An chéad lch eile bán.

3r°. Blodh beag annálach, ag lean, ar aghaidh: gon ar Ghallaibh Aithe Cliath et na Midhe uile. Blianta [---]36, [---]37 luaite. Ainm leis: 'Coramac mac Cairthe 76' (3rm.).

3r °m. 'Craobhsgaoileadh Chloinne Cairthigh.' Figiúir agus smáil ar 3r°. Teidil Ghaeilge agus Béarla cuid d'easpaig na tíre marg. sup. agus i lár an lgh e.g. 'Eascop Cineal Eoghain .i. Derry'; 'Eascop Conmhaicne .i. Ardagh.'

3 v°m-i. Bán.

4r°. 'Do Chloinn Oiliolla Olluim.' Leath íochtarach na duilleoige sractha chun siúil, agus a cúl bán.

(e)

4 - 3 (ceangailte ar dtuathal). Blodh annálach. Tos 1025. KI-. Niall Ó Conchubuir ríghdamhna Connacht occisus est. Cath itir h. Ruairc agus Maoldóraid. Stad. faoin mbliain 1030 A.D. Conchubhar mac Taídhg h. Ceallaigh rí h. Máine do mharbhadh d'fhearaibh Teabhtha (3m.) An chuid eile de lch 3 bán ach 'and Con O'Brien( ?)' go tútach trasna an lgh.

5 (162). Blodh de Sheanchas Síol mBriain ag lean, ar aghaidh; Le Brian tar Buirionn bhadh thuaigh agus géarbh é Brian féin fa créachtach cneádhach ón ccomhachta nó on ccomesg cliachda agus comhloinn sin. Stad. do thearnadh Brian mac Dómhnaill mhic Briain Ruadh as . . . agus nocha ndearnadh fos . . . go ráinig tar Soinionn soir mar a ndeárnaidh gabhaltus ... a nDúithe Aradh do thoil Muirchiortaigh Uí Bhriain. (f.c. 'Dála') (19i.).

20. Dómhnald Ó Maol Chonaire. Port oireachais Aradh Chliach. 66 r. 'D'Ó Briain Aradh.'

23 i. 'Ughdar Aithrithe.' Uaigneach sin, a Chinn Coradh. 53 r.

26 m. Mac Con Ó Cléire. Ni dual gan cuímhne air cheart rígh. 52 r.

29. Tadhg mac Dáire. Aoidheadh Ó gCais 'na chrioch féin. 10 r. 'Do Donnchadh Mór Ó Bhriain.'

30. Ó Dála Fionn. A ngeabhtha, a Dhonnchadh mo dhán. 13 r. 'Do Donnchadh Mhór Ó Bhriain.'

30 i. 'Ughdar Áirithe.' Slán le sinnsioraibh Síol tTáil. 7 r.

31. 'Ag seo an t-am 'na ttángadar dronga do sliocht Eiriomhóin mic Mílidh don Mhúmhain agus na fearainn do shealbhuídior innte air cíos ó ríogaibh sleachta hÉibhir.' Stad. tug Aongus mac Nat Fraoich righ Mumhan a raibh. Lgh 32-5 caillte ina dhiaidh seo.

36. 'Ag seo CRAOBHSGAOILE DÁIL cCAIS do réir an leabhair dá ngoirthear Leabhar Breac Mhéig Aodhgáin do sgríobhadh tuairim ceithre chéad bliaghain o shoin.' Tos. Coramac Cas mac Oillill Oluim aon (naon) mhac aige. Fotheidil: 'Do Chloind Donnchuain' (38m.); 'Gineallach Uí Chinnéide' (39m.); 'Do Chloinn Chosgruicc' (39i.).; 'Geineallach Seanacháin' (lch 40); 'Clann Ailgeanáin' (40i.); 'Do Gheineallach Ua cCaisín' (43m.); 'Do Gheineallach .h. Rongailli' (46m.); 'Do Gheinealach Mhic Cairtheinn' (47i.). Críoch. le: Aongas ollmhaith Eocho Bailldearg. 7 r. (lch 48).

48 m. REIM RÍOGRADH DÁIL cCAIS 'iar ccreidimh Chríost.' Tos. Cárteand Mór mac Bloid is é badh rígh Thuamhumhan an tan táinig Pádraigh a nÉirinn. Críoch.Donchadh rígh Tuamhan agus Brian rígh Tuamhan, agus Tádhg Luiminigh (50m.). Malairtí agus leasuithe 'do réir leabhur Aodh Bhuidhe' ó l.d.

50 m. 'File Éigin Eile' (l.d. .i. Mícheál Óg Ó Longáin( ?)). Da mhac déaghagh do chinn o Chas. 38 r.

52 m. gana. Da mhac deag Cinéidigh cáidh. 61/2r. 'caetera desunt' (52i.).

53. Tadhg mac Dáire. Mór atá air theagasc flatha. 55 r. 'Teagasc Flatha ... do Dhonnchadh Mhór Ó Briain .i. Iarla Tuamhann.'

55 m. 'Caithréim agus Réim Ríoghra an Dáil cCais ó Bhrian Bhóirmhe go Dómhnall Mór Ó Briain, rígh deighnach Chaisil de réir Uí Dhubhgáin ansa dán dárab tosach "Caiseal cathair Chloinne Mogha" iarna tharraing as leabhar seanachais Aodha Buídhe Mhic Cruitín.' Tos. Brian Bóirmhe mac Cinnéide árdrígh Éirionn. Críoch. Conncubhar mac Maghthamhna. An bhreis seo ó l.d.

57 - 6 (ceangailte ar dtuathal). Blodh annálach, leanúnach ó (d), 3 romhainn: Tos. Donbhán mac Íomhair occisus est ó Laighnibh. Giolla Padraig Ó Flangáin rí Theabhtha occisus. Téann ar aghaidh go 1022, agus ansin cuireann isteach breis faoi '1003' agus '1004.'

58. RÉIMHEAS AGUS GNÍOMHA DÁIL cCAIS 'Ó Mhogh Nuaghat go flathas agus go réimheas Mhaghthamhna mac Cinnéide mhic Lorcáin mhic Lachtna mhic Cuirc iarna aithsgríobh a seinleabhar a cContae Chiarruidhe .i. an stair do sgríbh Fighnín Mac Cáirthe air Éirinn.' Tos. Ceithre hanmona gan bhrón. 1 r. Eogan a ainim ó thúisdithibh .i. ó ghein mhaith. Prós agus filíocht. Ar na dánta fada tá: Flann mac Lónáin. Lorcán Locha Deirgdhearc. 21 r. (lch 77); 'Tadhg' mac Lónáin. Lorcán léir tar fir Fodla. 12 r. (lch 82); Flann mac Lónáin. Ceann Coradh. 10 r. (lch 83); Críoch. Caogad airdrígh air díth chéadaibh. 4 r. (lch 84-5). Téacs caillte mar nach bhfuil ach préamhacha agus beagán den d. 68-69 fágtha. Ceartúcháin agus gluaiseanna, cuid díobh ó l.d., anseo agus ansiúd,go háirithe ar lch 71.

85. Eochaidh Ó Floinn. A chaomha Cláir Cuinn chaoimhshing. 41 r. 'Do thioghacht Cáesarach, Fear Bolg ag[us] T.T. D.D.' (Teideal an dáin seo 89i. (bunoscionn) freisin).

87 m. idem. Gaoidheal Glas ó ttáid Gaoidhil. 36 r. 'Air bhunudhus mac Mílidh.'

90. 'Cíosa Righ Chaisil.' A eolcha Mumhan Móire. 29 r. lena lán gluaiseanna. Tá 91m. -i. bán ina dhiaidh.

92. Eoghan Mhéic Craith. Tug dham h'aire, a Innse an Laoigh. 71 r. 'Finis' (95m.).

95 m.- 6. Bán ach 'Iamdudurn in historia fuimus / sed nunc ad finem venimus' ó l.d. ar bharr lch 96.

97. Leagan eile den dosaon r. deiridh den dán romhainn.

97 i. DO CHRAOBHSGAOILE AGUS DO SHEANACHAS GEARALTACH 'Iarlaoi Deasmhumhan le Torna Ó Maol- chonaire ó theacht Mhuiris Mhic Gearailt air ttúis a nÉirinn, go haimsir Shéamuis Mhic Gearailt an Dána .i. an tlarla Deaghnach.' Tos. Muiris Mac Gearailt céad duine táinig go hÉirinn díobh. Críoch.do cuireadh go Sascabh e guréag ann. Annsin do thuit iarluidheacht Deasmhumhan go huile (100m.).

100 m. gana. Ga mhéad gabháil fuair Eire. 37 r. Níl ach uachtar na duilleoige 102-3 fágtha; 6 r. deiridh an dáin seo ar a haghaidh agus a cúl bán.

104. CAITHRÉIM RIGHTHE DÁIL cCAIS 'san líne díreach ó Choramac Cas mac Oillill Óluim go Maghthamhain mac [Cinnéide].' Tos.R. M. Coramac mac Oillill Olluim, righ Leatha Mógha. Le ceartúcháin. Críoch. Cormac, Moghchorb, Fearchorb. 3 r.

105. Bán.

(f)

A. 'Ag seo bloidh don tSeanstair da ngoirthear ANALADHA INNIS FAITHLIOND iarna sgriobhadh as seinleabhur meamruim do fríoth a cConntae Chiaruídhe.' Tos. Aois Chríost céad agus cheithre fichid bliaghain. Gabhus Art mac Cuinn rioghacht Eirionn 30 mbliadhna. Stad. sluagh le Muircheartach Ú Briain . . . go ndeachaidh air creich go Sliabh Guaire go ttug bu agus bráighde iomdha as (ceartaithe go ó ag l.d. agus is ó l.d. an chuid eile) f Bhruin go ttug ó I nEachach ceathra braighdi tar cean na broide. 'Caetera desunt' (Ni.). Lean. Annála : Anno Domini naoi gcéad agus cúig bhliaghna deag. Maolfhaoghartach mac Floinn ... do ghabail ríghe Mumhan (lch O). Stad. na hannála ar bharr lch P ach tá a lán den téacs ansin doléite nó caillte toisc na duilleoige P-Q a bheith caite. Stad. le teideal: 'Cath Cluana Tairbh' agus líne de théacs faoi. Sa spás tá sínithe: 'Conor O Brien,' 'J. O Brien. Josephus Hill' agus beagán scribleála.

Q. Geinealaigh de chuid na mBrianach. Teidil: 'Geinneallach Sleachta Bhéal Átha an Chomhraicc.' 'Geineallach Sir Éadbhaird Uí Bhriain.' Bunoscionn ar spás bán: '1781 scriptum a me Cornelio O'Brien.'

R. Geinealas agus seanchas Brianach ó l.d., cuid den téacs caillte toisc na duilleoige a bheith sractha. Críoch. le 'Sliocht Magthamhna,' 'Treibh Eile,' 'Agus Fós.' Ar a chúl seo tá 'Bi-ishop o B SP' scríofa go tútach.