ISOS logo
en

The Ó Catháin Manuscript

Síle Níc Fhachtna,

‘Cúntas ar láimhsgríbhinn de chuid Phroinnséis Uí Chatháin’,

Éigse 2/4 (1940) 278–83


[ Lámhscríbhinn a bronnadh ar Scoil an Léinn Cheiltigh sa bhliain 1982 ]


Cheannuigh m'athair (Liam Mac Fachtna) an láimhsgríbhinn seo i siopa sean-leabhar ar an gcé i mBaile Átha Cliath tuairim is cúig bliadhna fichead ó shoin, agus tá sí 'na sheilbh ó shoin i leith.

Méid an leabhair 8¼" × 6½" × 1¾". Is ait an sórt clúdaigh atá air — é an-tiugh, ⅜ d'ordlach ann. Le n-a dhéanamh, do baineadh a lán duilleoga as cóip de'n Bhíobla Gaedhilge, an cló Rómhánach air, agus cuireadh píosa leathair anuas air sin arís, agus annsin do fuaigheadh an leathar agus na duilleoga le chéile le ruadhóg theann láidir. Is féidir déanamh an chlúdaigh a fheiceáil go soiléir toisc an leathar a bheith caithte imthighthe in áiteacha ar an gcuirr. Tá 334 leathanaigh ann ar fad. Is beag duilleog nach bhfuil slán 'sa leabhar. Méid gach duilleoige 7⅜" × 6¼"; nuair a cuirtear le chéile iad tá ⅞ d'ordlach de thiughacht ionnta. Is deas córach so-leighte an sgríbhneóireacht atá ins an láimhsgríbhinn seo. Chuir an scríobhaidhe cinn-litreacha móra i dteidiol na sgéalta agus iad faoi mhaise agus faoi órnáid.

Níl ach dhá láimhsgríbhinn eile ó n-a láimh ins an Acadamh go bhfios domsa: .i. 23 E 30 agus 12 Q 13. Aistriúchán atá i 23 E 30 a rinne Proinnsias Ó Catháin féin ar dhá leabhar de Paradise Lost.

'Sa láimhsgríbhinn eile, tá dhá aiste a chuir sé isteach i gcóir duaise a thairg muinntear an Acadaimh 'sa bhliadhain 1876 ar an aiste do b'fhearr a chuirfeadh síos an staid na Gaedhilge i nÉirinn. Sgríobh Proinnsias Ó Catháin aiste ag trácht ar chúrsaí na teangan i gcúigeadh Uladh agus ceann eile ar chúigeadh Mumhan.

Tá a ainm agus a sheoladh sgríobhtha aige ag deireadh gach sgéil nach mór agus an dáta chomh maith coitchiannta. Chuir sé an seoladh "29 North Frederick Street" ag bun na h-aiste ar chúigeadh Mumhan. Seo íad an dáta agus an seoladh atá leis an aiste ar chúigeadh Uladh, "20 Newcomen Avenue, Nth Strand, Dublin." Ins an aiste chéadna tá an méid seo: "There are thousands of words now in use in the Province of Ulster, and indeed in the other Provinces of Ireland, which are not contained in any published Dictionary and this want has induced the writer of this Essay to prepare a new Dictionary, which he hopes to complete before the close of this year.

Tá an t-eolas seo le fagháil ar an sgríobhaidhe ins an nóta beag a sgríobh Purton agus a chuir sé isteach i láimhsgríbhinn a 23 E 30. "Próinnsias Ó Catháin, alias Francis Keane, of Clare, was married and living in Dublin in 1868, 1874–6, etc.... He was a lawyer's clerk, and I believe mostly self-educated." Má ba chléireach do dhligheadóir é is dócha gur i North Frederick Street a bhí oifig an dligheadóra.

Déarfainn gur i Newcomen Avenue a bhí Proinnsias féin 'na chomhnuidhe.

Maidir leis ar dtéacs féin, tá cúig cinn de sgéalta ann, agus laoi fiannaidheachta, agus amhrán a cheap Séamus mac Cúnsaidín, agus roinnt neithe beaga eile.

1. "Eachtara Thordhealbh mac Stairnn an seo síos."
A thosach mar seo: "Lá aoibhin geal gréine, dar éirghe amach Toirdhealbh mac Stairnn, mac dearbhráthair Ríogh Lochlan, dar bhainm Aralt[1] mac Canúit, air bhruach cuan na Beirbre Lochlanaighe[2] aig féachaint air an dtonna taidhbhsiocha toranmhóra ag brise le sliasaibh an chaithlaith...."

A dheireadh mar seo:

Anso atá laoch na chodhla fúgham
Da thánaig chúighainn tair sáil thar lear
⁊ mar do ghéill do Dhia na númhall.
Atá anam súd go sámh air neamh. Críoch
.

Aig sin agad a léithóir, eachtra imtheacht, ⁊ óidheadh, Thorolbh mac Stairin; air na sgríobhadh le Prónsias Ó Cátháin, an 5mhadh lá déag don Fhómar, ⁊ don aois an Tiaghearna an tan sin míle ocht gcéad is cheithre bliaghna is dá fhiothchid. Guidhgídhe lucht éistighthe, tróchaire ó Dhia don Sgríobhnóir, ⁊ don léithóir leis.

Lch. 1.


[1] Ara- do-léighte.          [2] -aighe do-léighte.


2. Rann:—

Lán gad do ghanaibh den dhá thráigh
nó lán mala do ghaoith air ghualin
a bheith aig tabhairt cómhairle do mhnáibh
nó aig gabhairt (sic) danta do dhaoine duairce
.

3. "Aonta mhac Amhlaidhe" — an chéad líne:

An chéad aon Loch Léin gan dangion air bith.
"Written by Francis Keane of Kilfera County Clare Ireland."

Lch. 52.

4. "Aig seo Eachtara ⁊ imtheacht triúr mac Thoirlbh mac Stairinn seó na ráidhtear Cróchán Sál agus Daithlion do bhadar air leasúghadh ⁊ air oidios aig Gruagach sléibhe innis ⁊ bo mhór cion ⁊ oideas an fhin sin dóibh agus badh himníomhach é chun gach uile nídh dfághail dóibh a bfóghluim....
A dheineadh: ⁊ dfuadig an mhuir amach iad fá dhoine na mór fhairige ionnos ná feacathar ón lá san aleith iad! Críoch. Gur abí sin eachtara, imtheacht, ⁊ críoch thubastach triur mac Thorolbh mac S.

Lch. 53.

5. "Eachtara Chonaill Golban an so síos liommsa, P. Ó C." A thosach: Ríogh uasal órnidhe ró ghaibh flathus Érion fán aimmsir Niall, íodhoin Niall Naoi Ghiállach mac Eochadh Mhaoidhmheadhoin: do bhí iomad gacha maithiosa re réimeas an árd Ríogh sin,...
A dheireadh: ⁊ do bhí seasgaid bliaghain beo an Éirinn go bhfuair bás na chríostuighe mhaith a Mágh Réin air mbreith buaidh air dhéamon ⁊ do hadhnacadh a bFíodhnach é — gur abí sin eachtra Chonill Golban go nuig sin; air na sgríobh le Proinnsias Ó Catháin an 5 mhadh lá don chúigeadh mhí do shamhradh (May) 1845.

Lch. 122.

6. "Teóruighíocht Shaidhbhe inghíon Eóghan óig mhic Eogain Mhóir an so síos."
A thosach: Fleadh mhór mhior chaomh do rineadh le Fionn mac Cúmhaill mac Tréan mhór uí Bhaoisgne a mbruighin Teamhair Luachra. Thánadar

maithibh ⁊ mór uaisle na Féine da cáthamh ⁊ do shuig gach naon díobh iona ionad cinnti cómh-aoisi féin....
A dheireadh: ⁊ do sgaoil sé (Osgar) an ceangal ⁊ an cuibhrioch do bhí air athair air dtúis ⁊ do chách uile na dhiaig soin gur abí soin teoruighiocht Shaidhbhe inghean Eoghan Óig mhic Eoghain mhóir mhic Oilioll Oluim ⁊ Síogra mac an Ghorm shúilig le Citheach Cruaidh armach Árd Ríogh na Droluine móire ⁊ bás Chithig féin le hOsgar mac Oisinn go nuig soin: críoch nó deire air na sgríobh, le Próinnsias Ó Catháin an 15 lá déag don dara mídhe do shamhra ⁊ daois an tiagharna an tan soin 1845. Guidhgídh locht éistighthe trócaire ó Dhia don sgríobhnóir ⁊ don léithóir leis. Finis or Finit.

Lch. 259.

7. "An Caith Gabhra na mbéimion cruaidh do bhain sgannra as fhearaibh chalmo, Osgar laochda, curadh na Féine, is ann do theasgach, ó iomad na gcneádh do churach na lár, air na hosgilt le sleagh Chairbre, is gur abé soin an tár chuir deire go brach le fianaibh Páil acfuinioch."
A thosach: Do bhí inghíon bhreagh mhallrosgach mhaorga mhacánta, aig Cairbre, mac aon mac Airt mac Cuinn céadchathig .i. sgéimhsholais a hanaim; ⁊ do thánaig Maolseachloin Ó Faolainn mac Ríogh nó tiagharna na nDéisioch dá hiara mar mhnaoi phósta....
A dheireadh: ⁊ an san thánaig Oisinn, go teidhin dóite os a chionn, ⁊ ní fada go dtánaig Fionn, ⁊ do shil deora troma, ⁊ is faoi Osgar bheith fá bhrón mhór; nír shil Fionn, aon deoir andiaigh aon neach don Fhéinn roimhe sin riamh; is an san thánaig an méid do mhair don Fhéinn as cionn Osgair; ⁊ níor fan aon duine air bith san gcath, ach iad uile aig caoine Osgair:— Críoch, air na Sgríobh le Prónsias o Catháin, an 5 mhadh la fiothchiod do July, aois an tiagharna an tan san 1845. Finis by me.

Lch. 321.

Tá dréacht i mBéarla ins an sgéal sin ar lgh. 306–309 a thóg Proinnsias Ó Catháin as leabhar staire a sgríobh an Dochtúir Warner. Seo é teidiol an leabhair sin:— The History of Ireland from the Earliest Authentic Accounts to the year 1171, with a preliminary dissertation on the Ancient and Present State and Condition of that Kingdom, by Ferdinando Warner LL.D. MDCCLXX.
An mhír a bhain an sgríobhaidhe as ag cur síos ar an bhFéinn, tá sí i n-iml. i, leabh. V.

8. "An Uaghaim Craobh an so síos." Tá ainm an sgríobhaidhe féin sgríobhtha aige in Ogham Craobh shíos faoi, agus ag bun an leathanaigh tá "Francis Keane's Irish Book."

Lch. 322.

Baineadh dhá leathanach as an leabhar ins an áit seo. Níl uimhir ar leathanach ar bith as seo amach.

9. Ar an gcéad leathanach eile tá dhá cheathrúin. Is dócha go raibh an chéad-chuid de'n amhrán seo ar na leathanaigh a baineadh as an leabhar — dán é ag gríosadh na ndaoine chun leanamhaint de'n Chreideamh Chaitliocach.
A thosach annseo:

Is mar sin do mhairfigh gach naon
'Tá air lorg an Aon mhic bheanaighthe
....

[Lch. 323.]

10. "Seilg Ghleann an Smóil."
A thús:

A Oisinn is binn liom do bhéal,
    Air innsint sgéil do chluisint uait
Air ghníomhartha Usgair an laoch tréan,
    Do bheireach beim an gach ceim cruadh
.

A dheireadh:

An lá san do thuit an bhean mhór,
    Is do cailleadh fós a banntrachd ban
Is dar do láimhse, a chléirig chóir,
    Ag sin agad eachdra na mná móire thar lear
.

"Críoch le Próinsias Ó Catháin, ó Bhaile-Átha-Chliath anois, acht roimhe seo, ó Chill-iarrach, Cill-chaoi, contae an Chláir, Éirinn."

[Lch. 324.]

11. Séamus mac Cúnsaidínn. cct.
An chéad cheathramha:

Air neoin do bhíos sa brón am' chlaoidh
    'S mé ag góbhail na slíghe am aonar,
Do threoruig Críosd sa ród am linn
    An óigbhean mhíonla mhaorga.

An cheathramha dheireannach:

Siúd mar mhealas sa plúr na ngailthionn
    A gclú 'sa nainim na cléire
Is tré dhúrthachd aicsin air ghnúis na naingeal
    Mo chionnta a bhflaitheas do shaoradh. Críoch
.

[Lch. 332.]

Tá ocht bhéarsaí sa dán agus ocht líne i ngach bhéarsa.

As láimhsgríbhinní a bhí in a sheilbh — agus tá fhios againn go raibh láimhsgríbhinní aige toisc go ndéanann sé tagairt dóibh ins an tráchtas úd ar chúigeadh Mumhan — a bhain an sgríobhaidhe na sgéalta atá bailighthe le chéile aige ins an láimhsgríbhinn seo, is dócha. Luadhann sé láimhsgríbhinn fá leith a sgríobh "Michael Mangan of Carrigaholt in the County of Clare." Ins an liosta fada a rinne sé do na sgéalta a bhí 'sa láimhsgríbhinn sin, tá ceithre cinn atá ins an láimhsgríbhinn seo a sgríobh Proinnsias Ó Catháin féin. .i. "Eachtra Thoirdheilbh mhic Stairnn mac dearbhráthair Rígh Lochlann;" "Eachtra Chloinne Thoirdheilbh"; "Teoruigheacht Shaidhbhe inghion Eoghain Óig"; "Tuarasgabháil an chatha Gabhra."