ISOS logo
en

LS 1

LS 1

MEASCRA

Lámhscríbhinn chumaisc. 19ú haois (LS b lgh 61–70 gan dáta ná comhartha uisce). Páipéar. Lgh 400, fara lch ceangail amháin de pháipéar trom ag an tosach agus ceann eile, den pháipéar céanna, ag an deireadh. Ceithre lámhscríbhinn ar leith ceangailte le chéile in aon leabhar amháin atá inti: a 60 lch, 18.5 × 14.5 cm; b 10 lch, 18 × 15 cm; c 234 lch, 18.5 × 15 cm (ach [136]–137, 12.5 × 15 cm); d 96 lch, 19.5 × 16 cm. Na lgh uimhrithe go leanúnach ó 1–400 (le peann luaidhe déanach) ar gach recto agus ar cheithre verso: 60, 70, 306, 400; bunuimhriú na scríobhaithe ar fhurmhór na lch (ach é doiléir nó creimthe i mórán áiteanna) mar seo: a [8]–60, ‘28–80’; c [84], ‘15’; [86], ‘17’; [96]–303, ‘26–231’ (‘222’ agus ‘223’ faoi dhó); d 307–[398], ‘9–102’ (ach ‘17–18’ ar iarraidh). Scríobhaithe: (1) a lgh [4]–60: A[mhlaoibh] O Suilamhain, ‘ó Chaillnn i g-Condae Cill Cuine. 4. Abran 1812’ (lch 59); (2) b lgh 61–70: gan ainm scríobhaí ná ainm loig; (3) c lgh 71–[304]: Donochadh (Donocha, Donacha, Donochha, Donachha, Donnochha) Ulf (Ull) (Dennis Woulfe) (lgh 73, 81, [88] (faoi dhó), 115, 129, 141, 145, [148], 161, 217 (faoi dhó), [242], [266], [288], 301, [302]), ‘Six Mile Bridge’ [Droichead Abhann Ó gCearnaigh, par. Chill Fhionnachta, Co. an Chláir] (lch 145), 1816 (lgh [88], 129, 145, [148], 217, 301) (‘1815’ sa chomhartha uisce); (4) d lgh 307–[398]: Seághan (Seaghan) Ó Dála (Dala) (John Daly) (lgh 315, [328], [368], [380]), ‘Eochuill’ [Eochaill, Co. Chorcaí] (lch [368]), agus ‘licfeabhráin’ [par. Leic Dhobhráin, Co. Phort Láirge] (lch [380]), gan dáta (‘1821’ sa chomhartha uisce). Bileog bhreise (20ú haois, 27 × 20.5 cm (ach stiall beag gearrtha den im. íocht.)) a ceanglaíodh isteach idir lch [70] agus lch 71. Scríbhneoireacht ar aghaidh amháin den bhileog, an aghaidh eile bán. Eolas as Daonáireamh 1821 atá sa mhéid seo a bhaineann le muintir de Hindeberg, ach go háirithe, i Killowen [Cill Eoin, par. Chluain na gCam, Co. Phort Láirge]. Ba é Séamus Ó Casaide a bhreac an t-eolas seo in Oifig na dTaifead Poiblí agus tá an nóta seo ann leis (ina láimh): ‘Séamus ua Casaide d’aithsgríobh go neamhchúramach agus go tapaidh as seanleabhar (1821) i mBaile Átha Cliath (P.R.O.) chum úsaide an Dochtúra Risteird de Hindeberg sagart. Feabhra 1912’. Is dealraitheach gurbh le Lawrence [? Raile] cuid d den lámhscríbhinn tráth (féach lch 306).

Clúdach cairtchláir le droim d’éadach uaine. ‘Irish / Manuscripts / I’, ‘72’ ar an droim. ‘Iolscoil na Mumhan Rinn Ó gCuanach’ stampaithe le dúch gorm: lgh 13 (faoi dhó), 37, 61, 67, 239, 269, 306, [354], [368]. Téacs caillte: lgh 4–60 de dheasca cúinní na lch (ar na him. uacht. inmheánacha don chuid is mó) a bheith creimthe; lgh 71–[148] (cuid bheag téacsa caillte) ar na him. sheachtracha de dheacsa creimthe. Raon dorta ag síneadh amach ó na him. inmheánacha: lgh 31–[54], 61. Mionsailiú agus creimiú passim. Dhá cholún: lgh 53–[54] (cuid), [58] (cuid). Órnáidaíocht bhunúsach: c passim. Focail cheangail: d passim. Teidil reatha: d passim. Na lgh línithe mar seo: a gan línte sofheicthe; b bior tirim; c bior tirim; d peann luaidhe.

Nótaí fánacha: (a) 1, ar barr. ‘[? . . .cu] / Mankind.’ (b) 3, ar barr. Abairt chreimthe agus doléite. (c) 27, ar barr. ‘[? Aally Shiy].’ (d) 173, im. seachtrach, cliathánach. ‘[? Patt Gallagher Kill. . .].’ (e) 306. ‘Lawrence [? Railes] Book (cliathánach) / Labhrás úa Deargáin / Shamus O [? Cuidihe] / O Cloun [foca(i)l scriosta] / Labhrás ua Deargáin Fiadhard [Fiodh Ard, Co. Thiobraid Árann] (cliathánach) / an Céad mhi de [? fhomhar cealaithe] / bhfhóar [tamall uaidh:] mhoar / Fiadhard (cliathánach) / Labhrus O Spealla / Labhrás Traidhneach.’ (f) 307, ar barr. Iarsma de thrí líne a glanadh amach. (g) 307, im. íocht. ‘Labhrás Traigheanneach Garián-Daireach or Grove / Grán Dariach.’ (h) 311, im. íocht. ‘crodhach!’ (le peann luaidhe). (i) 315i. ‘Seaghan [tamall faoi seo:] John Daly.’ (j) 323, im. íocht. ‘pheidhre an.’ (k) [340], im. íocht. Iarsma de dhá líne a glanadh amach. (l) [384], im. íocht. ‘ní [? bheidir].’ (m) [388], im. íocht. ‘péadar o hanile.’ [Tagraítear don cholafan seo i P. de Brún, Scriptural Instruction in the Vernacular: The Irish Society and its Teachers 1818–1827 (Baile Átha Cliath 2009) 278.] (n) [398]i. ‘L [? Deargan salaithe] / [abairt scriosta] / L / Labhrás úa Deargáin Fiaidhard Conntaé Thobraid-Árainn / Labhrás ua [Deargain cealaithe].’ (o) 399. Mórán cleachtaí síníthe ag ‘Labhrás Traidhnach’; ‘John (cliathánach) / Garián-Daireach / E (suas, síos agus siar) / Ellen O Cavanagh’ (suas, síos agus siar). Nótaí i lámha na scríobhaithe: (f?), (h?), (i), (k?), (l).

Téacsaí ón lámhscríbhinn seo a cuireadh i gcló nó a úsáideadh mar áis thagartha: de Brún, Scriptural Instruction in the Vernacular, féach 1d, lch [388] (sna nótaí fánacha thuas); R. Henebry, The Sounds of Munster Irish: Being a contribution to the phonology of Desi-Irish to serve as an introduction to the metrical system of Munster Poetry (Dublin 1898), féach 1a, lch 313; J. C. Mac Erlean (eag.), Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair II. Irish Texts Society 13 (1911), féach 1d, lch 355; P. Ó Drisceoil, Ar Scaradh Gabhail: An Fhéiniúlacht in Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (Baile Átha Cliath 2000), féach 1a, lch 59; P. Ó Drisceoil, Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá (Corcaigh 2007), féach 1d, lch 368; M. Griffin-Wilson, The Wedding Poems of Dáibhí Ó Bruadair (Dublin 2010), féach 1d, lch 355.

a

lch

1 3 . Bán, cé is moite de nótaí ar lch 1 agus lch 3, féach nótaí fánacha.

[4] . ‘BREISLECH MUIGHE MUIR[THEIMHNE.]’ Tos. Fecht n-aen da d-tainidh Curadh [. . .] ruadh go h-Emhain Macha. Stad. (lch 43.14) iar rochtuin gus an g-cairthi do leig a ucht uirthi, agus tug lámh air a [= Irisleabhar na Gaedhilge (Lúghnasa 1907) 383, l. 14]. Leasuithe ar na him. íocht. ar lgh: [4], 5.

[44] . Bán.

45 . [‘OIDHEADH CHONLAOICH MHIC CON CULAINN’]. Tos. Dála na mna toirche ro fhagbhadh Cuchulainn i g-críchaibh an domhan mhor thoir. Críoch. (lch 59.15) Do bhi Conlaich air sin belain [sic] san bh-fert gan togbhail agus, i gciinn na belaina [sic] bained an Gai Bulga as do h-adhlaiced a h-aise le Cuculainn san ait cedna é. ‘Finit. / Iar na sgribhadh le A. O. Suilamhain ó Chaillnn i g-Condae Cill Cuine. 4. Abrán 1812.’ [Tagraítear don cholafan seo in Ó Drisceoil (2000) 72–73.]

60 . Bán.

b

61 . Dán diaga (gan an tús). An sin Dia Mart fuagarig brab as. 168 l.

c

71 . ‘A Table of Contents.’ ‘An Introduction to the Irish Language from Page 3 to Page 19 Inclusive. English Phrases & Sentences from Page [? 20] to Page 26 together with their translations. Irish Sentences and Phrases from Page [? 27] to Page 30 Inclusive with [. . .].’ Lean. clár. Nóta foclóra (i láimh eile) ar lch 71 (im. inmheánach, cliathánach).

73 . ‘A COMPENDIOUS IRISH GRAMMAR or an Introduction to the Irish Language called Aibgitir na Gáoidheilge.’ ‘In the Irish Language there [os a chionn: are] but Seventeen letters and [they] are Written Capital & small as follows by Dennis Woulfe &c.’ Lean. cur síos ar Aibítir na Gaeilge le habairtí samplacha (mínithe as Béarla) agus clár nod (lgh [84]–87). Ar an im. seachtrach, in aice leis an gclár (lch 87): ‘Crioch air clar na nod mar a fuaris an 17 lá deag [sic] don dara midh dfomhur’ (cliathánach). Lean. colafan (lch [88].12): ‘Finished this Abridgement of the Irish Grammar. August the 17. 1816. Dennis Woulfe’. Ainm an scríobhaí le feiscint i nótaí (i mBéarla) ar lgh 81 (líne 11) agus [88] (líne 3).

89 . (a) Sense and nonsense never can agree. 2 l. Fara bunábhar: Ciall is michíall ní thig chaoidhche re chéile. 2 l. (b) A drink without a dram I think drinks lone. 1 v. Fara bunábhar: Deoch gan dram is lag an tól dar linn. 1 v. (c) Is [os a chionn: it] not sad how odd I stand in pain. 1 v. Fara bunábhar (lch [90]): Nach bocht an cor sa tosg iona bhfuilim a bpéin. 1 v. (d) A wealthless man has friends in number few. 1 v. Fara bunábhar: Duine gan stór ní mór a charaid sa tsáodal. 1 v. (e) I censure none let who will censure me. 1 v. Fara bunábhar (lch 91): Ni cháinim duine is ni thuigaim mo fhlán [sic] fa áon. 1 v. (f) Ye Gods that gave to me a wife. 1 v. Fara bunábhar: A Déitibh áird thug céile bláith dhom fhéin. 1 v. (g) The wicked will that will must be thy slave. 1 v. Lean. nóta: ‘Turn over for the translation of this Verse’. Fara bunábhar (lch [92]): Mo thoilsi an toil thug toil ghlan daoibh go léir. 1 v. (h) The man is praised who leads a blameless life. 1 v. Fara bunábhar: Molann an sáodhal an té bhion cráibhtheach cóir. 1 v. (i) Bare is the shoulder that has no kinsman near. 1 v. (lch 93) Fara bunábhar: Is máol guala gan bráthair. 1 r. (j) The bit is no burthen to the prancing steed. 1 v. Fara bunábhar: Ní truímide an loch an lachadh. 1 r. (k) The hungry Spaniard capers in his dance. 1 v. Fara bunábhar (lch [94]): An amm na gortan nach crosta na tréighthe sin. 1 v. (l) A ship at length will sink in the roaring sea. 1 v. Fara bunábhar: Deire luinge a bádh is deire áith a losga. 1 r. (m) By education fools are still misled. 1 v. Lean. nóta: ‘Please to turn over for the translation’. Fara bunábhar (lch 95): Do bhrígh a tteagaisg gach aimid bíd mítheolach. 1 v. (n) People think me mad for what I say. 1 v. Fara bunábhar: Sdúide an fuireann me trí am ráitibh sáobh. 1 v. (o) Féach gur cré do chráobhfholt chasta go sail. 1 v. (p) (lch [96]) Your advice I find is nothing worth. 3 l. Fara bunábhar: Ní ceart ná cóir do cómhairle acht ráite gliogair. 1 v. (q) Deire a luinnge a bádh, is deire áthagh a losga. 2 r. (r) Tosach tuille báisteach is tosach sláinte cólla. 1 r. (s) (lch 97) Níor tháinig tuille ríamh nár thrádhig. 1 r. (t) Níor thuig sámh sáthach [sic] a tocrach ríamh. 1 v. (u) Abigail Brún adubhairt ná fhéadfuinse. 1 v. Lean. an freagra: ‘Séamus’ (im. seachtrach, cliathánach). (v) ‘A Promisary Note in Irish.’ Geallaimse féin gan bhréig is mfíodhrighe cirt. 1 v. (w) (lch [98]) Mo cheist ort a chléirig ois tu léighiann a bhíobladh. 1 v. Lean.: ‘Freagradh, an so sios’. Aithris dúin a shuairc fhir chaith liom féin do cheist. 1 v. (y) Is feárr mídhine ná buirbe mhór. 1 r. ‘Forcheann’ (im. seachtrach, cliathánach). (z) Is duinne sáoibhir fear dhá bhó. 1 r. (aa) (lch 99) Ní glóire go grian neamh ní torn tréan go tóirneach. 3½ r. (bb) A fhir fhúadraig do ghlúais chudham aig sodar ón Spháin. 1 v. Lean.: ‘Freagra an so síos’. Mo dhúalgus ó fúaireas go hollamh air Clárr. 1 r. (cc) (lch [100]) Ban dubh mar bheach sruith aig teacht air srámh. 1 v.

101.8 . ‘Fúaitheana Mhic na Mídhcómhairle ad dhiag.’ (a) (lch [100].5) Is fúaith orm treasbean sguíneadach. 20 l. (b) Is fúaith orm sagart gan portúidhos is fúaith orm doctúir gan lánnsa. 20 l.

[102].11 . (a) Is milis glór gacha fir. 2 l. (b) Dob eól dom fear do chaith a mháoin go dúairc. 1 v.

103 . (a) ‘Seághán Clarach cct (ad dhiag.).’ Tá an lá so fada ’sos mithid dúin fhághail mar nós. 1 v. (b) ‘Seághán Clárach le Ullíam Dáll.’ Is aitursiach nímhnéach leam chroídhe stig sos brónach. 1 v. Lean.: ‘An freagra ó Ullíam Dáll mar lanas’. Is sé sin toil ÍOSA do cloíg is do bhreóg mé. 1 v. (c) (lch [104]) ‘Cearámha do rin Seághán Clárach Mac Dómhnail an file oirdhearc air a leaba dhéunach do ghach áon lá san tsachtmhuin mar itcha chum ÍOSA CRÍOST, an so sios.’ Aitchim go crúag air Úan na banaltra breágha. 7 v. (uimhrithe). ‘Foircheann.’

[106] . Sin dáor cheist air lucht léidhte na núghdar nard. 1 v. Lean. (lch [106].5): ‘An Freagra mar lanas’. Réighfiodsa an dáor cheist ós chúm atáir. 1 v.

[106].10 . Is mithid a máoidhiomh air ríghfhuil Breógan ann. 2 v.

107 . ‘Suirrídhe Dhonochadh an Dúine le mnaoi mhórgalach.’ Adúbhart si lióm don cómhra chráite. 30 l. Lean. (lch [108].14): ‘Freagra Dhonochhadh [sic] mar leanus’. A bhean an anma stadaig dhod stámur. 35 l. Lean. (lch [110].14): ‘Freagra na mná arís mar leanus’. Faire faire, nior cleachtus an dail sin. 16 l. ‘Crioch air so.’

111.14 . Dá ttrian gáoite aig cranaibh. 2 r.

[112] . (a) ‘An Phaidir.’ Ár nÁthir atá a bhflathus go [os a chionn: hárd] charthanach grádhach ghlórmhur. 8 l. (b) ‘An tÁmhe Maria nó an Beanachadh Muire.’ A Mhuire tá lán de tuile na ngrást tuilte do ghrádh an tighearna. 4 v. ‘Foirceann.’

113.9 . Is fúaith orm bean bhothánach. 9 l. ‘Foircheann.’

[114] . ‘Cómhairle don chailin óg is dfóghnach si go múar do chuid do chailínígh na háimsire so anis 1816. (ad dhiag).’ A bhean ná creid fear más stúama a ghlór. 4 v. ‘Foircheann mar a fúairis Dennis Woulfe.’ Focal amháin sa triú véarsa ceartaithe i láimh eile. Lean. (lch 115.6): ‘Freagra na mná agus an chosaint abalta do rin si air mnaibh an tsáodhuil mór uile an so sios’. Is fann an fháig sus tlaith gan suim a ccíal. 1 v.

115.12 . Dá ma dubh an fairige. 1 r. Lean. nóta: ‘this latter Verse should be placed before the [. . .]’.

[116] . ‘Seághan do Hóar air bhás Thuirealbhuig Uí Bhrían cct.’ Do chuala tásg do chráig go léir mé. 48 v. ‘Atá Críoch mar fúairis air bhas Thuirealbhuig uí Bhrian.’

[126] . ‘Séamus do Barra air ghniomartha Thomáis Paor.’ Éistig go grinn liom a preimshliocht na saoithe. 3 v. Lean. (lch 127.9): ‘Tomás Páor aig freagradh cct’. A shaoithe Inis Éilge sa ríghcheap na héigse. 5 v. ‘August the 26th 1816. Dennis Woulf[e].’

[130] . ‘Aithrighe Thuirealbhuig Mac Mathamhna da ngurtuidhe Tuirealbhach an Mhagadh cct / An chead chuid.’ A Mhic Muire na ngrásd le air fuileanaibh páis acis is cneádha [os a chionn: crua ghuirt]. 10 v. ‘Crioch air a ccead chuid.’ Lean. (lch 133): ‘An Treas Chuid &c’. A Ard Mhic atá agus go brách bheas duit adabhuim. 11 v. + (‘An Ceangal mar leanus’) 1 v. An nóta seo ag bun lgh 133: ‘Note the second part is to be read before this See page 66 having Committed an Error in placing them’. Lean. (lch 136.6): ‘An dara cuid an so síos’. A Righ na ngrasd do chidhean mar táim sinte lán danacra. 13 v.

[140].5 . ‘Tuille do ráitibh Thuirealbhuig an Mhagadh cct.’ A cháirde Gaodhail tá leum tháoibh lan de cháoidh is ttatuirse. 7 v. ‘Foirceann mar a fúaris. Donochadh Ull.’

[142] . Fáilte roib ghrádhgeal ná táire go haitreamh a shínsir gan bhéim. 5 v. ‘Foircheann.’

143.6 . Maidean aorach deis mo shúain do dhearcus stuaire maorga maisiach. 8 v. ‘Six Mile Bridge August the 30th 1816. Dennis Woulfe.’

145.6 . An gháoch aneas bion si tais. 1 v. ‘&c.’

145.10 . Lá le Pól ma fhodhnan grian go glan. 2 v.

[146] . ‘Eodh [sic] Buídhe Mac Crúitin an so sios.’ Is truadh do chás a shuaircbhean bhreádh shuaibhneach cháig aigeanta. 4 v.

147 . ‘An Maingáire Súdhgach cct mar leanus.’Maidian fhlioc chois sgairte amuith do casag ormsa stáidbhean. 5 v. ‘Foirceann mar fuaris.’

[148].6 . ‘Duine eigin cct (ad dhiag).’ (a) An chodhlann do bhroisdaig mo dhochair go láidir dian. 1 v. (b) An saol bocht cleasach is meallan le huail a lán. 1 v. ‘Donocha Ull. August 31st 1816.’

149 . ‘Duain Deibheathach an Chriostuidhe.’ A thruadhnáin bhaoth bo mhéinn liom fhíosruidhe dhíot. 50 v. ‘Foircheann mar fuairis, Donachha [sic] Ull.’

161.6 . ‘An Dis Fáig, mur leanus cct.’ ‘An Chead Fháig cct’ (im. inmheánach, cliathánach). Do bhíosa trigh la ag teigh an tábhairne am shuige go chiach. 1 v. Lean.: ‘An Dara Fáig aig freagradh’. Is fan atáir sgach faig do bhios gan chíall. 9 v. Lean. (lch [164]): ‘An Chead Fháig aig freagradh aris cct’. A CHRIOST na fhlathus do meallag me am náoi óm chial. 1 v. ‘Finis, the end, crioch, deire.’

[164].7 . ‘An Sign do bhí aig Mithéal Ua Culláin an tann do bí [os a chionn: se] aig diol ósta.’ Sa naisge dhá bhfiaduin do riarfuin na táinte. 1 v.

165 . ‘Cuirt an Meadhan Oidhche cct.’ An nóta seo tugtha leis an teideal: ‘Le Brian Mearmhian .i. Merryman aon do phriomhbhreitheamhuin na suag eigse do chomhnuidias a mBaruntacht Tulla agus a bPuroiste na Fiacuil 2 nov. 1792’. Bo ghnáith me a siubhal le ciúis na hábhan. 1020 l. (uimhrithe ag an scríobhaí ach an t-uimhriú sin lochtach in áiteanna). An mionteideal seo ar lch 183 (im. uacht.): ‘An Seanduine ar Clar na Mionn’. Lean. (lch 217.5): ‘Reightig ceil na góid do Sgímhle from 1000 / Céad is deith fa leith as mile take 110 / Dubáil ceart an freastal fuighíllig 890 / 2 / in the year of our Lord 1780’. Faoi seo: ‘Foirceann air na sgríobh le Donocha Ulf an dara lá don mhíg deanach dfomhur aoís an Tighearna an tan so míle ocht ccéad agus 16 bliaghna mar fuairis iarím guibhe an leighteóradh air annmuin mo mairibh. Dennis Woulfe’. Líne amháin scríofa cliathánach ar lch 175 (im. seachtrach) agus lch [192] (im. inmheánach). Leasuithe in áiteanna tríd síos.

[218] . ‘Tarraint air Shlíabh Síainn mar leanus.’ Is trúagh sin a leabharánn bheag bhánn air theacht don lá bhighios shíar. 63 v. ‘Críoch mar fuairis.’ Gluais amháin ar lch [230] (im. inmheánach, cliathánach).

231 . ‘Donocha Mór Ó Dála air chríocha déadhnach an duinne.’ A dhuinne cuímhnigh air do chríochaibh déanach. 232 l. ‘Foircheann mar fuairis Donnochha [sic] Ulf .’

243 . ‘Comhrádh an Bháis leis a nDuinne Teinn / Eachtra an Bhais.’ ‘Duine’ Ce siud tháll ateacht go dtíghe me. 477 l. ‘Foircheann air Chomhradh an bháis mar fuairis Donacha Ulf’ (im. seachtrach, cliathánach). Na mionteidil seo a leanas sa phíosa: lch [260].13, ‘Tracht Aitghéarr an Báis ris an nDuine Tein’; lch [264], ‘Air san Duinne Teín air Leaba Bháis’.

267 . ‘Donocha Macnamara cct Giolla an Amarián.’ Do riarfhuin sgeol dom comharsain air aon read. 317 l. Dhá líne scríofa cliathánach ar lch 271 (im. seachtrach, cliathánach), agus dhá líne scríofa isteach ag bun lgh 273. Lean. (lch [274): ‘An dara roint an so sios’. 170 l. ‘Crioch.’

[282].9 . ‘Seaghán Macnamara cct an so sios.’ An uair dhearcaim go cruinn air gníomhartha an tsaoghail gach lógh. 12 v.

285 . ‘Diarmuid O Suileamhainn air threite Erionn cct.’ Nior bhfeasach sinn a ccríocaibh Eibhir Mhoir. 12 v. ‘Foircheann.’ Lean. (lch 287.11): ‘Concúbhar O Ríoradain cct aig freagradh’. An tann do bhighiodar Gaoghail an Eirinn beogh. 4 v. ‘Foircheann. Donocha Ulf.’

[288].10 . ‘Cómhairle na Collainne.’ Gaibhse a Chéin go caomh mo theagasc uaimse. 15 v. (uimhrithe). Uimhriú breise (chun an bunuimhriú a cheartú?) curtha le véarsaí áirithe. ‘Foircheann’ (im. inmheánach, cliathánach). Lean. (lch 291.13): ‘Cain [sic] aig Freagrad cct’ (an teideal seo ar an im. inmheánach, cliathánach). A fhir do léighios do théics go cneasda búann dom. 2 v. Leasuithe in áiteanna tríd síos.

[292] . ‘Eodh [sic] Buídhe [os a chionn: Mac] Cruitinn air chlainn Thomáis.’ Air áonach ma théid sin air úair do lógh. 5 v. ‘Foircheann.’

293.6 . ‘An Saor Mór cct aig gearán le Shláinaightheor an domhainn air fhear na deachmhuan mar leanus.’ Ó Íosa mhic Dháibhidh thug táinte as cruadhghébhion. 5 v. + (‘An Ceangal’) 1 v. Lean. (lch [296].7): ‘Freagra an teachtaire .i. Tomáis Ó Gríobhtha do réir mar glacaig an gearán reamráidhte a bhFlathus Dé’. A dhaoine mar tá sibh chois traighte Malbay amuith. 1 v. ‘Foircheann mar fuairis.’

297 . ‘Aoighior do rin Anndrias Mac Cruitinn do Phadarcc Maighistir.’ A sháoith ghlain shuiltmhar is cláoite mise tréad dhíol aig fuireann nach fóghanta. 4 v. + (‘An Ceangal’, im. seachtrach, cliathánach) 1 v.

[298].9 . ‘Séaghan do Barradh mar leanus.’ Is íad na trí nígh is mó cum peacuidhe dhéanamh. 17 v. ‘Foircheann Donacha Ulf &c an treas lá air Samhainn 1816.’

[302] . ‘Taghag Gaoghalach cct an so sios.’ A mhóirMhic charthanach na cailce soíllse aoibhin. 11 v. ‘Fóircheann Donocha Ulf.’

[304].6 . ‘Éagan Úa Raithile cct.’ Atá smúit san spéir fraoch is fearg nímhneach. 10 v. [Stad. ag bun an lgh. Tos. arís LS 2a, lch [ii].]

d

305 306 . Bán, cé is moite de chleachtaí sínithe etc ar lch 306, féach nótaí fánacha.

307 . Bráthar don bhás a daidhbhreas. 26 r. ‘Críoch.’

311 . ‘Tadhg Dall Ó hUigin cct.’ Lios Gréinne is Eamhuin dUlltaibh. 18 r. ‘Finit.’

313 . ‘Séathrún Céitinn cct.’ Óm sgeol air árdmhágh Fáil ní chodlaim oídhche. 7 v. ‘Finit.’ [Tagraítear don dán seo i Henebry (1898) 2.]

315 . Bán, féach nótaí fánacha.

[316] . ‘Tairangaire Fhínn Mhic Cúmhaill air Éirinn agus Oisín Mac Fhínn cct da láthair Phádraig.’ Pádraig: A Oisín iomraidh si línn. 46 r. ‘Finis.’ Lean. (lch 321) an rann deiridh scríofa in athuair. ‘Finis.’

321.4 . ‘Oisín Mac Fhínn cct / Air bhás Aodha Mac Gharra Ghluindubh Iodhoin Gaisgeadhach dFianaibh EIREANN.’ Ceard ghaisge do fhóghnadh d’Aodha. 11 r. ‘Finit.’

[322].10 . ‘Dias Informers Notáltha air crochadh, mo bheannacht do té chuir ann iad.’ Do thuilleadar clú an dís dúrchraoibh Chéitingeach. 8 v. + (‘An Sure-Scripsion’) 1 v. ‘Finit.’ Gluais amháin ar lch 323 (im. seachtrach).

[324].11 . ‘Seaghan Mac Muiris Ui Urthuile cct.’ As aithreach liom a bheith go hóg. 7 r.

325.7 . Beann tonnghlas seach gach tuladh. 2 r. ‘Finit.’ [Cuid de phíosa filíochta a thos.: Aoibhinn bheith i mBinn Éadair.]

325.12 . ‘Dáibhí Ó Bruadair cct.’ Do chealg mo chomm go tromm le haicídibh. 1 v.

[326] . ‘Dáibhí Ó Bruadair cct.’ Nach ait an nós so aig mórchuid dfearaib Éirionn. 2 v.

[326].10 . ‘Daibhí Ó Bruadair cct.’ Éisd mosna a Mhuire mhóir. 21 r. + 1 v. ‘Deire / John Daly.’

329 . ‘Dáibhí Ó Bruadair cct / Air dhobhuidheachas locht millte an toradh air na coinghíolaibh do frith tre mhórthrócaire an Athair neamhdha a Luimneach Anno Domini 1694 [athraithe ó ‘1692’].’ Geadh ainnbhfiosach feannaire nár fhiar a ghlún. 5 + 1 + 1 v. ‘Finis.’

331 . ‘Teagusg Dhaibhí Ui Bhruadair do thruipéir do bhí aig dul an airm an lá sin. / Gídheadh bídh gur chuige do chuadhus ní chuige do bhíos. An Dom: 1686.’ A thrúipfhir más músgailt ón mbaile halgus. 40 l. + 1 v. Líne amháin cealaithe ar lch 35. Dornán gluaiseanna ar na him. tríd síos.

333.7 . Iomdha eagnach air Éirinn. 21 r.

335.7 . Damhna cneadh an bhreath so air Éirinn uill. 1 r.

335.11 . ‘Creacht do dháil me &c / le Dáibhí Ó Bruadair air leagadh an airm do Ghaoidheala An Domini 1652.’ Créacht do dháil me am árithach galair. 50 v. ‘Amen’ + 2 v. ‘Críoch.’

341.10 . ‘Daibhí Ó Bruadair cct.’Fuasgail Fódla a Ua Eoghain a sluag tógtha an tseannchíosa. 12 v. ‘Fuasgail Fódla &c.’

[344] . ‘Idem. air Thomás Dubh Buitléar Diuic Urmhúmhan.’ Toghaim Tomás rogha is róghrádh gacha hógmhná aolchrothaig. 23 v. ‘Toghaim Tomás &c.’

[348].14 . ‘Idem ignotus Poeta Lic cct. / An Encomium on Q Elizabeth.’ An ainim an Árdmhic do ghnídh grása is éinmhic áluinn ógh Mhúire. 15 v. ‘An Ainim an Árdmhic &c.’

[352] . As feara fá seach don talamh a theacht. 1 v. ‘&c.’ Lean.: ‘An file thuas gibe é, do rin an racaireacht so, le bladaireacht do Dhiuic Urmhúmhan’. Lean.: ‘Freagra Dhábhaí Ui Bhruadair air an nidh céadna’. A dhaoi re gliogur gibe thusa níl me duit acht daithcheodhadh. 9 + 12 v. ‘Finit.’ Leasú amháin ar lch 353 (im. inmheánach, cliathánach).

355.12 . ‘Dáibhí Ó Bruadair cct December 1674.’ Cuirfead cluain air chrobháinn ghealgall. Crosántacht de 20 r. agus giota próis + 12 r. agus giota próis + 17 r. agus giota próis + 7 r. agus giota próis + 9 r. agus giota próis + 8 r. agus giota próis + (‘Mo Sgéal Féin Annocht’) 7 r. + 7 v. + (‘Do Chum Fir an Tíghe Thuas’) 1 v. Cuid de na ranna sa phíosa (ar lch [360] agus lch 361 ach go háirithe) uimhrithe le malairt dúigh (i l.d.?), leasú amháin ar lch 357.8. ‘Cuirfead Cluain &c.’ Lean. colafan (lch [368].13): ‘Aig sin críoch agus fóircheann re dánta Dháibhidh Ui Bhruadair, an mhéad fuarus reomham díobh. An 9mh lá do mhiosa Márta [. . .]. Seaghan Ó Dala. Eochuill’. [Tagraítear don cholafan seo in Ó Drisceoil (2007) 14; Ceadaítear an dán seo i Mac Erlean (1911), féach 48; Wilson (2010) féach 271, 275 (go háirithe).]

369 . ‘Iomarbháidh Leithe Mogha agus Leithe Chuinn. / TORNA ÉIGIOS cct.’ Dáil catha idir Chorc is Niall. 52 r.

[374].3 . ‘An Fear Céadna.’ Mo dhá dhalta ionnmhuin liom. 14 r.

375.13 . Tadhg Mac Dáire cct.’ Olc do thagrais a Thórna. 31 r.

379 . ‘Lúghadh Ó Cléire cct.’ Ná brost mise a Mhic Dáire. 17 r. Lean. (lch 380.18): [Iarsma d’abairt a glanadh amach] / ‘Seághan ó Dála Licfeabhráin.’

381 . ‘Tadhg Mac Dáire cct.’ A Lughaidh labhram go séimh. 31 r.

[384].5 . ‘Lúghadh Ó Cléire cct.’ Éistidh a éigse Banbha, tabharaidh dhúinn cead agallmha. 44 r.

389 . ‘Tadhg Mac Dáire cct / aig iara díola annsa ccosnamh do rin air Leith Mogha re fileadhaibh an tuaisgirt.’ Faghaim ceart a chlann Éibhir. 53½ r. ‘Críoch leis sin.’

395 . ‘Aongus na Diadhachta .i. Ó Dála cct.’ Gaibh mo chomairc a chuirp Iosa. 6 r.

395.14 . ‘Idem.’ Aoidhe misi aig Máthair Dé. 27 r.

399 400 . Bán, cé is moite de chleachtaí sínithe etc ar lch 399, féach nótaí fánacha.

© Catalogue record by Liam Ó Riain 2022