CUR CHUIGE TEICNIÚIL

Tógtar grianghraf de gach leathanach lámhscríbhinne le radharc-ceamara 5/4 agus cúl digiteach de chineál Phase One P45 ann. Bíonn an lámhscríbhinn agus an ceamara suite ar chliabhán leabhair a cruthaíodh d’aon ghnó don obair seo.

Deintear na lámhscríbhinní a scanadh ar ghléine 600 ponc in aghaidh an orlaigh. Cruthaítear comhaid TIFF chun íomhánna d’ardcháilíocht a sholáthar. Braitheann toirt na gcomhad ar thoisí an leathanaigh, agus is minic comhaid de bhreis ar 100Mb á gcruthú.

Deintear na híomhanna amha seo a phróiseasáil le cúnamh Photoshop. Baintear leas as an mbogearra seo chun na híomhanna a bhearradh agus chun ceannteideal agus fotheideal a chur leo. Cuirtear rialóir isteach le hais gach íomhá chun an scála a chur in úil.

Bíonn trí cinn de chomhaid i gceist: TIFF, JPEG agus GIF

Deintear gach TIFF próiseasálta a shábháil ar chruadhiosca. Coimeádtar na dioscaí seo in ionaid éagsúla de bharr cúrsaí slándála.

Copyright © 2008 John O'Brien

AR AGHAIDH