FOIRM CHLÁRAITHE I GCOMHAIR SCOLÁIRÍ
Is féidir teacht ar íomhánna d'ardchaighdeán ach clárú le ISOS. Is do scoláirí amháin na híomhánna sin. An té ar mhaith leis clárú ba cheart dó an fhoirm thíos a chur i gcló, a líonadh, agus a chur sa phost go dtí an seoladh atá tugtha thíos. Cuirfear ainm úsáideora agus pasfhocal ar fáil ina dhiaidh sin a chuirfidh ar chumas an iarrthóra teacht ar na híomhánna.
Cuir an leathanach seo i gcló, freagair na ceisteanna, agus seol thar n-ais sa phost é.
| Institiúid (ma tá ceann i gceist) |
|
| Seoladh (Institiúide nó Baile) |
|
| |
|
| |
|
| |
|
| |
|
| Uimhir Ghutháin |
|
| Seoladh Ríomhphostais |
|
| Cad ina thaobh gur mian leat teacht a bheith agat ar na híomhánna d'ardchaighdeán: |
| |
| |
| |
| |
| |
COINNÍOLLACHA
Baineann na coinníollacha seo leanas leis an ainm úsáideora agus leis an bpasfhocal a chuirtear ar fáil d'Úsáideoirí Cláraithe:
- Níl cead ag an úsáideoir cláraithe a ainm úsáideora ná a phasfhocal a thabhairt d'aon duine eile.
Baineann na coinníollacha seo leanas leis na híomhánna a mbíonn teacht ag na hÚsáideoirí Cláraithe orthu:
- Is leis na daoine nó na hinstitiúidí a luaitear ag bun gach íomhá cóipcheart an íomhá.
- Ní ceart an fógra cóipchirt ná an stampa aitheantais (ar barr, de ghnáth) a bhaint den íomhá choíche.
- Is ar an dtuiscint ná bainfear earraíocht as na híomhánna ach i gcomhair staidéir phríomháidigh amháin a chuirtear na híomhánna seo ar fáil.
- Is féidir íomhá a lódáil anuas go dtí ríomhaire an úsáideora agus é a chur ar stóras ansin, agus is féidir aon chruachóip amháin a dhéanamh, ar choinníoll gur i gcomhair staidéir phríomháidigh amháin a déantar é sin.
- Ní cead aon íomhá a chóipeáil tré mheán ar bith, bíodh sin go leictreonach nó ar modh ar bith eile, i gcomhair aon duine nó aon institiúide.
- Is féidir íomhánna a thaispeáint do chomhleacaithe nó do mhic léinn, ach caitheann siadsan clárú le ISOS más mian leo a gcóip féin a bheith acu.
- Aon úsáid eile nach úsáid phríomháideach staidéir í is gá cead i scríbhinn a lorg chuige sin orthu siúd ar leo an cóipcheart. Bíonn de cheart acu sin fiacha a iarraidh i gcomhair na húsáide sin.
- Ar na samplaí dá leithéid d'úsáid bheadh foilsiú i bhfoirm chruachóipe ar bith; úsáid teilifíse, agus mar sin de; taispeáint phoiblí; nó foilsiú leictreonach d'aon tsaghas, bíodh sin i bhfoirm athraithe nó a mhalairt. Is féidir dul i dteagmháil leis an té ar leis an cóipcheart ach fios a chur ar bhainisteoir an tionscnaimh ar dtúis.
DEARBHÚ
|
Dearbhaím go bhfuil an t-eolas pearsanta atá tugtha agam thuas fíor agus cruinn agus tá na coinníollacha léite go cúramach agam agus aontaím le bheith faoina réir.
|
|
Sínithe: ____________________________ Dáta: _______________
|
Cuir an fhoirm thar n-ais go dtí: An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4, Éire