STAIR
Seoladh tionscnamh Meamram Páipéar Ríomhaire sa mbliain 1999 fé stiúir
Phádraig Uí Mhacháin. Tionscnamh comhpháirtíochta a bhí ann sna blianta
luaithe idir an Institiúid Ard-Léinn agus Scoil na Ríomhaireachta in
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chomh maith le cuid den mhaoiniú a
sholáthar, chuir an Ollscoil (fé mhaoirseoireacht an Ollaimh Alan Smeaton)
saineolas teicniúil ar fáil maidir le próiseáil agus stóras digiteach.
Chabhraigh Comhairle Oidhreachta na hÉireann linn chomh maith maidir le
cúnamh maoinithe de.
I gcaitheamh na mblianta ba mhór an tairbhe dhúinn cúnamh agus saineolas
na ndaoine a d’oibrigh ar dhigitiú agus ar phróiseáil na n-íomhánna de
lámhscríbhinní na Gaeilge: Catherine Moran, Criostaí Mac Íomhaire, Evan
Lloyd, Colin Dunn, Máire Casey, Georgina Gaughan, David Cooper, John O'Brien agus i
láthair na huaire Anne Marie O’Brien.
Ón mbliain 2004 i leith, tionscnamh de chuid Institiúid Ard-Léinn Bhaile
Átha Cliath amháin is ea MPR/ISOS.